Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Is maith an rud aire thabhairt d'ár ngnó féin acht ní choisgeann sain orainn féachaint cionnus tá an saoghal amuich. Ba dhóich leat, ar dhaoinibh áirighthe, nách ceart dúinn aon fhocal i naon chor do rádh ar an gcogadh 'ná amháin smuaineadh air. D'á mbiadh a slígh féin aca so ní leigfidis focal as ár mbéal. Na bac na Bóraigh, adeir siad, tabhair aire do'd ghnó féin, acht is iad so an dream do bhí go maoidhmheach agus go droch-mhúinte nuair do bhí Seaghán Buidhe ag dul chum cinn. Anois nuair atá an Bórach calma ag cur an rith ar Sheaghan deir siad, mar dh'eadh, ná cuirid suim 'sa chogaidh; acht do thiocfadh an glór arís go tapaidh d'á mbiadh an buaidh leis an mbodach mór meata. Tá Dia ag cuir nirt i gcuisleanaibh an dreama bhig, agus d'á iongant- aighe an sgéal é, ceapaim go mbeidh an buaidh leo fá dheireadh. Is fíor go bhfuil na hualaighe óir agus na mílte fear ag Seaghán, agus gur mithid d'en dream bheag bheith tuirseach ó'n síor-chómhrac, acht mar sin féin táid siad ag baint smúit as Sheaghan an aimsir seo. Cá bhfuil Nocs? Ceannphort Sasanach is eadh an bioránach so. Bhí sé go gnóthach le tamall maith ag iarraidh tuisleadh do bhaint as De Bhet ins an Saor Stat. Ní fhuil gíog uaidh le coicthigheas, gidh go raibh sé go fuadrach go dtí sin. Bhí cúigear cinn feadna
eile i néinfheacht leis agus dá fhichead míle fear eatortha, agus 'na theannta sain bhí gárda pearsan le Nocs féin, céad go leith fear. Tugadh cuid de'n gárda so isteach go Heilbron agus iad leath-mharbh. Dubhradar gur stoll an leomhan sain De Bhet iad ar an mbóthar. Má bhí Nocs le n-a gcois tá sé ar lóisdín ag Aodh Ruadh, agus tá dath glasmílíteach ar Sheaghan le sgannradh. Ní misde dho sain tá na Bóraigh i ngiorracht fiche míle do Bhaile na Rinne agus ní fhuil sé i gcumas Chitsineir cosg do chur leo, mar tá a dhóithin le déanadh aige agus na bóithre iarainn do chosaint ortha. Thug Laoiseach Bóta iarracht fá chúig dhaingin atá ar an mbóthar iarainn dia thoir de Phretoria an oidhche eile. Bhí ceó ann, adeir Citsiner, agus níor mhothuigheamar pioc go rabhadar céad slat uainn. Níor tháinig na Bóraigh níos sia acht do shíneadar timcheall trí chéad Sasanach. Ní chodlóchaidh na cosantóirí eile go ruanmhar annsúd aon oidhche feasda. Ní dóich liom go raibh na Bóraigh ar tí na ndaingean úd do thógáil i naonchor acht gur mheasadar faitchíos do chur ar Chitsiner i gcás ná seólfadh sé mórán fear chum cabhartha na Sasanach i dTír na Rinne. Tá na Bóraigh seo ró-ghlic ar fad do súd, agus muna mbiadh go bhfuil fiche fear aige i gcoinnibh gach fir aca ní sheasóchadh sé leo ar feadh mó. Teas- duigheann trí fichid míle uaidh, adeir sé. Is mithid de sgaothairí Lúnduin dul amach seachas bheith ag baoth- chaint. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services