Cúrsaidhe an tSaoghail
Tar Lear
Is maith an rud aire thabhairt d'ár ngnó féin acht ní
choisgeann sain orainn féachaint cionnus tá an saoghal
amuich. Ba dhóich leat, ar dhaoinibh áirighthe, nách ceart
dúinn aon fhocal i naon chor do rádh ar an gcogadh 'ná
amháin smuaineadh air. D'á mbiadh a slígh féin aca so
ní leigfidis focal as ár mbéal. Na bac na Bóraigh,
adeir siad, tabhair aire do'd ghnó féin, acht is iad so
an dream do bhí go maoidhmheach agus go droch-mhúinte
nuair do bhí Seaghán Buidhe ag dul chum cinn. Anois
nuair atá an Bórach calma ag cur an rith ar Sheaghan
deir siad, mar dh'eadh, ná cuirid suim 'sa chogaidh; acht
do thiocfadh an glór arís go tapaidh d'á mbiadh
an buaidh leis an mbodach mór meata. Tá Dia ag
cuir nirt i gcuisleanaibh an dreama bhig, agus d'á iongant-
aighe an sgéal é, ceapaim go mbeidh an buaidh leo fá
dheireadh. Is fíor go bhfuil na hualaighe óir agus na mílte
fear ag Seaghán, agus gur mithid d'en dream bheag bheith
tuirseach ó'n síor-chómhrac, acht mar sin féin táid siad
ag baint smúit as Sheaghan an aimsir seo.
Cá bhfuil Nocs? Ceannphort Sasanach is eadh an
bioránach so. Bhí sé go gnóthach le tamall maith ag
iarraidh tuisleadh do bhaint as De Bhet ins an Saor
Stat. Ní fhuil gíog uaidh le coicthigheas, gidh go raibh
sé go fuadrach go dtí sin. Bhí cúigear cinn feadna
eile i néinfheacht leis agus dá fhichead míle fear eatortha,
agus 'na theannta sain bhí gárda pearsan le Nocs féin,
céad go leith fear. Tugadh cuid de'n gárda so isteach
go Heilbron agus iad leath-mharbh. Dubhradar gur stoll
an leomhan sain De Bhet iad ar an mbóthar. Má bhí
Nocs le n-a gcois tá sé ar lóisdín ag Aodh Ruadh, agus
tá dath glasmílíteach ar Sheaghan le sgannradh. Ní
misde dho sain tá na Bóraigh i ngiorracht fiche míle do
Bhaile na Rinne agus ní fhuil sé i gcumas Chitsineir cosg
do chur leo, mar tá a dhóithin le déanadh aige agus na
bóithre iarainn do chosaint ortha.
Thug Laoiseach Bóta iarracht fá chúig dhaingin atá ar
an mbóthar iarainn dia thoir de Phretoria an oidhche eile.
Bhí ceó ann, adeir Citsiner, agus níor mhothuigheamar pioc
go rabhadar céad slat uainn. Níor tháinig na Bóraigh
níos sia acht do shíneadar timcheall trí chéad Sasanach.
Ní chodlóchaidh na cosantóirí eile go ruanmhar annsúd
aon oidhche feasda. Ní dóich liom go raibh na Bóraigh
ar tí na ndaingean úd do thógáil i naonchor acht gur
mheasadar faitchíos do chur ar Chitsiner i gcás ná
seólfadh sé mórán fear chum cabhartha na Sasanach i
dTír na Rinne. Tá na Bóraigh seo ró-ghlic ar fad do
súd, agus muna mbiadh go bhfuil fiche fear aige i gcoinnibh
gach fir aca ní sheasóchadh sé leo ar feadh mó. Teas-
duigheann trí fichid míle uaidh, adeir sé. Is mithid
de sgaothairí Lúnduin dul amach seachas bheith ag baoth-
chaint.
Conán Maol