Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-Bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-bhéil
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire "Congbhuigh na h-aitheanta agus seachain an braon." Bhí meitheal ag seana-chomharsa dham lá, seisear nó moir-sheisear fear, ag cur an earraigh. Sa t-sean aimsir a b'eadh é, agus ní raibh na prátaidhe ro-fhlúirseach i gcaitheamh an Abráin amach, ná an bainne acht chomh beag. Sé dínear d'ollumhaigh bean a' tighe dhóibh ná corcán breagh mór de bhoighreán eórnan agus saghas éigin aráin le na chois. Glaodhadh isteach ar na fearaibh i lár an lae, agus ní misde dhuit a rádh ná raibh aon easbadh goile ortha. Luigheadar isteach agus dá mhéid é an corcán chuireadar an boighreán ar fad ó liathadh. D'imthigheadar arís i mbun a gcuid oibre. Níor bh'fada go dtáinig tuirse ag leisge ar dhuine acu, agus ar dhuine eile, agus ortha go léir i ndiaidh a chéile. Shíneadar thúrsta cois an chlaidhe agus i gceann nóimite bhí gach aon fhear riamh acu na chnap chodlata [i] agus níor bh'fhéidir iad a bhogadh ná a mhúsgailt as sain go raibh an tráthnóna déidheannach ann. Is áirighthe ná raibh eólus ag an mnaoi ar an mboighreán a dhéanamh mar ba cheart nó b'fhéidir gur'b amhlaidh óladar breis de. Pé acu sain é bhíodar ar spéir-mheisge na dhiaidh. Fé mar dubhairt an fear fadó "Táim-se ar meisge 's an deamhan braon d'ólas." Bhí an sgéal dona go leór ag an té go raibh an meitheal aige. Bhí a bhranar gan cur tráthnóna. Acht ba mheasa bheadh an sgéal aige dá dtugadh sé coróin agus púnt i dtigh an tábhairne ar an oiread céadna biotáille is bhí sa bhoighreán. Fág is go raibh cloch agus dá dtrian d'eórna ag déanamh an bhoighreáin. Bain- tear céad gloine de bhiotáille as an méid sin, de'n neart céadna is bhíonn gá díol i dtigh an tábhairne ar leath raol an gloine. Acht aon nidh amháin, gur fiadhaine agus gur gairbhighe an rud a gheobhthá ar leath raol an gloine ná biotáille eórnán dá olcas. Is mór an truagh ná bíonn fhios ag daoine bochta cad do bhíd siad a cheannach nuair a thugaid siad a gcuid airgid uatha ag tigh an óil. Dá bhfeicidís na Gear- mánaigh ag déanamh biotáille as na prátaidhibh breaca, agus as na prátaidhibh lobhtha, ní dóigh liom go dtiocfadh aon dúil acu sa bhiotáille céadna sain. Cuirtear isteach go Sasana ar deich pinginne an galún é. Íoctar cáin annsain as, measgtar agus suathtar tré chéile é, leigheastar le h-uisge é, agus óltar go milis é. Ceannuigheann an sglábhuighe na gloine agus na gloine é, agus nuair bhíonn an gloine deireannach ólta aige bíonn chúig sgillinge fichead go díreach díolta aige as an méid a chosain deich pinginne ag teacht amach as an luing. (Leanfar de.) Feargus Finn-Bhéil.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services