Cúrsaidhe an tSaoghail
Éire
"Congbhuigh na h-aitheanta agus seachain an braon."
Bhí meitheal ag seana-chomharsa dham lá, seisear nó
moir-sheisear fear, ag cur an earraigh. Sa t-sean
aimsir a b'eadh é, agus ní raibh na prátaidhe ro-fhlúirseach
i gcaitheamh an Abráin amach, ná an bainne acht chomh
beag. Sé dínear d'ollumhaigh bean a' tighe dhóibh ná
corcán breagh mór de bhoighreán eórnan agus saghas éigin
aráin le na chois. Glaodhadh isteach ar na fearaibh
i lár an lae, agus ní misde dhuit a rádh ná raibh aon
easbadh goile ortha. Luigheadar isteach agus dá mhéid é
an corcán chuireadar an boighreán ar fad ó liathadh.
D'imthigheadar arís i mbun a gcuid oibre. Níor bh'fada
go dtáinig tuirse ag leisge ar dhuine acu, agus ar dhuine
eile, agus ortha go léir i ndiaidh a chéile. Shíneadar
thúrsta cois an chlaidhe agus i gceann nóimite bhí gach aon
fhear riamh acu na chnap chodlata [i] agus níor bh'fhéidir iad
a bhogadh ná a mhúsgailt as sain go raibh an tráthnóna
déidheannach ann. Is áirighthe ná raibh eólus ag an
mnaoi ar an mboighreán a dhéanamh mar ba cheart nó
b'fhéidir gur'b amhlaidh óladar breis de. Pé acu sain
é bhíodar ar spéir-mheisge na dhiaidh. Fé mar dubhairt
an fear fadó "Táim-se ar meisge 's an deamhan
braon d'ólas."
Bhí an sgéal dona go leór ag an té go raibh an
meitheal aige. Bhí a bhranar gan cur tráthnóna. Acht
ba mheasa bheadh an sgéal aige dá dtugadh sé coróin
agus púnt i dtigh an tábhairne ar an oiread céadna
biotáille is bhí sa bhoighreán. Fág is go raibh cloch agus
dá dtrian d'eórna ag déanamh an bhoighreáin. Bain-
tear céad gloine de bhiotáille as an méid sin, de'n
neart céadna is bhíonn gá díol i dtigh an tábhairne ar
leath raol an gloine. Acht aon nidh amháin, gur fiadhaine
agus gur gairbhighe an rud a gheobhthá ar leath raol an
gloine ná biotáille eórnán dá olcas.
Is mór an truagh ná bíonn fhios ag daoine bochta cad
do bhíd siad a cheannach nuair a thugaid siad a gcuid
airgid uatha ag tigh an óil. Dá bhfeicidís na Gear-
mánaigh ag déanamh biotáille as na prátaidhibh breaca,
agus as na prátaidhibh lobhtha, ní dóigh liom go dtiocfadh
aon dúil acu sa bhiotáille céadna sain. Cuirtear
isteach go Sasana ar deich pinginne an galún é.
Íoctar cáin annsain as, measgtar agus suathtar tré chéile
é, leigheastar le h-uisge é, agus óltar go milis é.
Ceannuigheann an sglábhuighe na gloine agus na gloine é,
agus nuair bhíonn an gloine deireannach ólta aige bíonn
chúig sgillinge fichead go díreach díolta aige as an
méid a chosain deich pinginne ag teacht amach as an
luing.
(Leanfar de.)
Feargus Finn-Bhéil.