Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Tháinig Roberts abhaile ó'n gcogadh. Ba mhór an sult bheith ag léigheadh na bpáipéar mar gheall air. Is iongantach na hóinseacha na Sasanaigh seo. Mar sin féin bhí an t-ágh ortha tamall d'á saoghal, acht chuir na Bóraigh breall ortha ná fágfaidh go fóil iad. Bhítheas ar tí Urnuighthe Buidheachais do ghabháil i Lúnduin ar teacht Roberts agus críochnuighadh an chogaidh, acht cuireadh ar gcúl an páideóireacht. Ní maith le Seaghan altúghadh muna bhfuil tairbhe saoghalta le fághail as. Máiseadh chrom na páipéir ar sgaothaireacht mar olc ar chách. Ní raibh an bhúithrigh go lán-ghlórach mar do bhíodh sí. Bhí an ciachán, nó an faitchíos, ar na daoinibh, gidh gur rinn Roberts a dhícheall ar mhisneach do chur ortha, agus do chabhruigh na páipéir leis go tréan. Buailidh amach 'nbhur mílte agus tugaidh fáilte do'n laoch, adeireadh
na páipéir. “Tagann an gaisgidheach go cuan,” adubh- airt ceann aca. Go bhfoiridh Dia orainn! d'á bhfeicfá an “gaisgidheach!” Dunán beag do bhéarfá fá'd oscuil leat. “Déantar Iarla dhe,” deir ceann eile, “agus Ridire Gártéir,” - pé saghas ruda é sin. Níor leigeadar ortha gur mheath Roberts, agus gur chuaidh sé dhe dream beag fear tuatha do bhriseadh, gidh go raibh fiche fear i n-aghaidh gach duine aca aige. Mar sin féin ba mhaith an mhaise do na Sasanaigh fáilte chur roimis. Ní De Bhet é, gan amhras, acht is é an fear is feárr atá aca é, agus rinne sé a mhíle dícheall ag sgrios agus ag cosgairt dóibh. Tá Citsiner ag sgreadaigh go dteasduigheann na mílte eile fear uaidh. Chuir sé fógra amach i dTír na Rinne ag iarraidh ar gach fear umhal éirghe amach i gcoinnibh na mBórach, agus tá sé ag tabhairt arm dóibh. Ní fhuil sé na chumas cosg do chur leis na Bóraigh le n-a dhá chéad míle go leith saighdiúir. Tá critheadh cos ar na Sasanaigh i dTír na Rinne. Do bhuaidhigh na Bóraigh ortha cheithre huaire ar feadh na seachtmhaine seo ghabh thart agus táid siad ag rith ar na Sasanaigh bhochta annsúd fós. Táid siad i ngiorracht thurus cheithre lá de Bhaile na Rinne féin, príomh-chathair Sheagháin ar an dtaobh theas de'n cheanntar úd, agus tá an leithéid sin de sgannradh ortha 'sa bhaile cuain sin go dtugadar gunnaí móra ar tír, as luing cogaidh, i gcómhair na cathrach do chosaint. Thóg na Bóraigh luach cheithre fichid míle púnt de lón ar an mbóthar iarainn ó Sheaghan. Níor marbhuigheadh acht aon tsaighdiúir amháin de na cosantóirí mar do ghéill an chuid eile gan buille. Bhí biadh is éadach is tobac ins an carbaid lóin úd, agus bhí na Bóraigh go fial leis, bhronnadar culaith nuadh ar gach saighdiúir agus sgaoileadar uatha annsain iad, acht chongbhuidheadar a gcuid capall agus arm. Dá mbiadh áit ar leithshligh ag na Bóraigh chum saighdiúirí Shasana do chongbháil ann, bhiadh an chuid is mó de'n Arm aca ar chuibhreach fá'n am so. Is é guidhe agus dóich Sheaghain go mbeidh easbaidh bídh agus piléar ar na Bóraigh thréana so ar ball. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services