Cúrsaidhe an tSaoghail
Tar Lear
Tháinig Roberts abhaile ó'n gcogadh. Ba mhór an sult
bheith ag léigheadh na bpáipéar mar gheall air. Is
iongantach na hóinseacha na Sasanaigh seo. Mar sin
féin bhí an t-ágh ortha tamall d'á saoghal, acht chuir na
Bóraigh breall ortha ná fágfaidh go fóil iad. Bhítheas
ar tí Urnuighthe Buidheachais do ghabháil i Lúnduin ar
teacht Roberts agus críochnuighadh an chogaidh, acht cuireadh
ar gcúl an páideóireacht. Ní maith le Seaghan
altúghadh muna bhfuil tairbhe saoghalta le fághail as.
Máiseadh chrom na páipéir ar sgaothaireacht mar olc
ar chách. Ní raibh an bhúithrigh go lán-ghlórach mar do
bhíodh sí. Bhí an ciachán, nó an faitchíos, ar na daoinibh,
gidh gur rinn Roberts a dhícheall ar mhisneach do chur
ortha, agus do chabhruigh na páipéir leis go tréan. Buailidh
amach 'nbhur mílte agus tugaidh fáilte do'n laoch, adeireadh
na páipéir. “Tagann an gaisgidheach go cuan,” adubh-
airt ceann aca. Go bhfoiridh Dia orainn! d'á bhfeicfá
an “gaisgidheach!” Dunán beag do bhéarfá fá'd
oscuil leat. “Déantar Iarla dhe,” deir ceann eile,
“agus Ridire Gártéir,” - pé saghas ruda é sin. Níor
leigeadar ortha gur mheath Roberts, agus gur chuaidh sé
dhe dream beag fear tuatha do bhriseadh, gidh go raibh
fiche fear i n-aghaidh gach duine aca aige. Mar sin
féin ba mhaith an mhaise do na Sasanaigh fáilte chur
roimis. Ní De Bhet é, gan amhras, acht is é an fear is
feárr atá aca é, agus rinne sé a mhíle dícheall ag sgrios
agus ag cosgairt dóibh.
Tá Citsiner ag sgreadaigh go dteasduigheann na
mílte eile fear uaidh. Chuir sé fógra amach i dTír na
Rinne ag iarraidh ar gach fear umhal éirghe amach i
gcoinnibh na mBórach, agus tá sé ag tabhairt arm dóibh. Ní
fhuil sé na chumas cosg do chur leis na Bóraigh le n-a dhá
chéad míle go leith saighdiúir. Tá critheadh cos ar na
Sasanaigh i dTír na Rinne. Do bhuaidhigh na Bóraigh
ortha cheithre huaire ar feadh na seachtmhaine seo ghabh
thart agus táid siad ag rith ar na Sasanaigh bhochta
annsúd fós. Táid siad i ngiorracht thurus cheithre lá
de Bhaile na Rinne féin, príomh-chathair Sheagháin ar an
dtaobh theas de'n cheanntar úd, agus tá an leithéid sin de
sgannradh ortha 'sa bhaile cuain sin go dtugadar
gunnaí móra ar tír, as luing cogaidh, i gcómhair na
cathrach do chosaint. Thóg na Bóraigh luach cheithre
fichid míle púnt de lón ar an mbóthar iarainn ó Sheaghan.
Níor marbhuigheadh acht aon tsaighdiúir amháin de na
cosantóirí mar do ghéill an chuid eile gan buille.
Bhí biadh is éadach is tobac ins an carbaid lóin úd, agus
bhí na Bóraigh go fial leis, bhronnadar culaith nuadh ar
gach saighdiúir agus sgaoileadar uatha annsain iad, acht
chongbhuidheadar a gcuid capall agus arm. Dá mbiadh áit ar
leithshligh ag na Bóraigh chum saighdiúirí Shasana do
chongbháil ann, bhiadh an chuid is mó de'n Arm aca ar
chuibhreach fá'n am so. Is é guidhe agus dóich Sheaghain go
mbeidh easbaidh bídh agus piléar ar na Bóraigh thréana so
ar ball.
Conán Maol