Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-bhéil
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Tá púdar go tiugh Dá shéideadh lasmuich Ach má seadh támuid-ne dall annso ag ceó an phúdair. Baineann sé radharc ár ndúthaighe féin ar fad dínn. Nuair osglair páipéar na maidne ní fheicir abhus na thall ann acht an cosgairt 'san tnáthadh tá ag an mBúrach agus ag an tSasanach ghá n-imirt ar a chéile. Tá an fear mór na chosair asair ag an mBúrach beag an aimsir seo. Eatortha féin is fearr an coimheasgar. Tá sé in' am againn cuimhneamh orainn féin agus ar ár ndúthaigh i dtosach na bliadhna agus na h-aoise nuadh. Tá an sgeul go maith againn an fhaid is fhanfaidh an cogadh chomh fada ó bhaile uainn is tá sé anois. Dá n-éirgheadh an gleo ag beul an duiris againn is baogh- alach go mbeimís i dteannta. “Is mairg a bhíonn i dtír gan cara aige féin Mar is i lá na bruidhne luigheann an hata ar a thaobh.” Tá aon nídh amháin deimhnightheach, dá mbeadh Sasana 's a brígh 's a comhachta ghá cur fa loch amárach go súigh- feadh sí Éire síos le na cois. Nuair bhíonn an long mhór ag dul go tóin puill cionnus is dóigh leat a shaor- faidhe an bád beag a bhíonn ceangailte las-tiar di, gan crann gan seol gan lón gan fuireann innti. Dá mbeadh fonn ar Shasana lá an chruadhtain sinn do sgaoileadh uaithi ní fhéadfamuis sinn féin do sgur uaithe. Tá greim an duine bháidhte againn uirthi. Gan í is amhlaidh bheimis ár leathadh leis an bhfuacht, no ag fagháil bháis de'n ocras, agus ní fheadfamuis sinn féin do chosaint coicthigheas ar namhaid. Dá mbeadh an Gearmánach ag beul an chuain againn fé La 'le Pádraig ní dóichighe teachtaireacht a chuirfeadh fir Éireann chuige ná mar seo - “Tar isteach a dhuine chóir agus bíodh an tír ar fad agat; ach má tá sean-bhróga ag do chuid fear nár chaitheadar uatha cuir chugainn iad. Ní bhfuil luid ar ár gcosaibh againn.” Ní bhfuil rud eile is mó ghoilleann ar Éirinn anois, agus is mó a choinnigheann a ceann fúíthe, ná a boichte. Ní bhfuil aon nidh chuirimíd romhainn le déanamh, da mba ag díol costais na bhfear é le cur go féis na Sacsan nó dá mba ag cur leabhairín phinginne i gclódh é, ná caithfeamuid géilleadh do bhoichte na h-Éireann. Agus ní h-aon iongnadh é sin, mar tá fhios ag an saoghal 's ag an mbaile go léir, agus admhuighmíd féin é, gur le béicigh agus le síor-challaireacht a thugamar an chéad bliadhan so ghabh tharainn. Má tá Éire ag dul i mboichte gach aon lá le céad bliadhain agus tuilleadh, an bhfuil aon leigheas anois uirthi acht suidhe síos agus bheith cráidhte? Tá, agus níor dheacair an galar a leigheas, no cuid de pé ar domhan é. Dá gcuireadh gach aoinne i nÉirinn roimis gan sgaramhaint le pinginn dá chuid airgid gan fhios a bheith aige an raghadh an phinginn sin chum tairbhe na hÉireann, nó ná raghad, bheadh an cheist reidhteighthe d'aon chúrsa. A lucht na Gaedhilge, buidhean lag a b'eadh sinn seacht mbliadhna ó shoin. Tá fir agus mná Éireann ag foghluim uainn anois. Labhramuis feasda ar an ngalar eile seo atá ag milleadh na tíre, agus mo lámh is m'fhocal díbh go n-éisteochar linn. Feargus Finn-bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services