Cúrsaidhe an tSaoghail
Éire
Tá púdar go tiugh
Dá shéideadh lasmuich
Ach má seadh támuid-ne dall annso ag ceó an
phúdair. Baineann sé radharc ár ndúthaighe féin ar
fad dínn. Nuair osglair páipéar na maidne ní fheicir
abhus na thall ann acht an cosgairt 'san tnáthadh tá ag
an mBúrach agus ag an tSasanach ghá n-imirt ar a chéile.
Tá an fear mór na chosair asair ag an mBúrach beag
an aimsir seo. Eatortha féin is fearr an coimheasgar.
Tá sé in' am againn cuimhneamh orainn féin agus ar ár
ndúthaigh i dtosach na bliadhna agus na h-aoise nuadh.
Tá an sgeul go maith againn an fhaid is fhanfaidh an
cogadh chomh fada ó bhaile uainn is tá sé anois. Dá
n-éirgheadh an gleo ag beul an duiris againn is baogh-
alach go mbeimís i dteannta.
“Is mairg a bhíonn i dtír gan cara aige féin
Mar is i lá na bruidhne luigheann an hata ar a thaobh.”
Tá aon nídh amháin deimhnightheach, dá mbeadh Sasana
's a brígh 's a comhachta ghá cur fa loch amárach go súigh-
feadh sí Éire síos le na cois. Nuair bhíonn an long
mhór ag dul go tóin puill cionnus is dóigh leat a shaor-
faidhe an bád beag a bhíonn ceangailte las-tiar di,
gan crann gan seol gan lón gan fuireann innti.
Dá mbeadh fonn ar Shasana lá an chruadhtain sinn do
sgaoileadh uaithi ní fhéadfamuis sinn féin do sgur
uaithe. Tá greim an duine bháidhte againn uirthi.
Gan í is amhlaidh bheimis ár leathadh leis an bhfuacht,
no ag fagháil bháis de'n ocras, agus ní fheadfamuis sinn
féin do chosaint coicthigheas ar namhaid. Dá mbeadh an
Gearmánach ag beul an chuain againn fé La 'le
Pádraig ní dóichighe teachtaireacht a chuirfeadh fir
Éireann chuige ná mar seo - “Tar isteach a dhuine chóir
agus bíodh an tír ar fad agat; ach má tá sean-bhróga ag
do chuid fear nár chaitheadar uatha cuir chugainn iad.
Ní bhfuil luid ar ár gcosaibh againn.”
Ní bhfuil rud eile is mó ghoilleann ar Éirinn anois,
agus is mó a choinnigheann a ceann fúíthe, ná a boichte.
Ní bhfuil aon nidh chuirimíd romhainn le déanamh, da mba
ag díol costais na bhfear é le cur go féis na Sacsan
nó dá mba ag cur leabhairín phinginne i gclódh é, ná
caithfeamuid géilleadh do bhoichte na h-Éireann. Agus
ní h-aon iongnadh é sin, mar tá fhios ag an saoghal 's ag
an mbaile go léir, agus admhuighmíd féin é, gur le béicigh
agus le síor-challaireacht a thugamar an chéad bliadhan so
ghabh tharainn. Má tá Éire ag dul i mboichte gach aon
lá le céad bliadhain agus tuilleadh, an bhfuil aon leigheas
anois uirthi acht suidhe síos agus bheith cráidhte? Tá, agus
níor dheacair an galar a leigheas, no cuid de pé ar
domhan é. Dá gcuireadh gach aoinne i nÉirinn roimis
gan sgaramhaint le pinginn dá chuid airgid gan fhios a
bheith aige an raghadh an phinginn sin chum tairbhe na
hÉireann, nó ná raghad, bheadh an cheist reidhteighthe
d'aon chúrsa.
A lucht na Gaedhilge, buidhean lag a b'eadh sinn
seacht mbliadhna ó shoin. Tá fir agus mná Éireann ag
foghluim uainn anois. Labhramuis feasda ar an ngalar
eile seo atá ag milleadh na tíre, agus mo lámh is m'fhocal
díbh go n-éisteochar linn.
Feargus Finn-bhéil
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11