Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Tháirsigh na Nua-Aoise
Title
Ar Tháirsigh na Nua-Aoise
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Eanair 5, 1901. Ar Tháirsigh na Nua-Aoise. Támaoid anois ar tháirsigh na nua-aoise. Is fearr féachain rómhainn ná dhá fhéachain 'nar ndiaidh. Ní'l éan- mhaith dhúinn ag caoineadh fá 'n am do chuaidh tharainn agus fá 'n mbainne atá dóirtthe. Ní thiocfaidh an t-am soin ar ais agus ní féidir a leasughadh. Ní'l éan-bhaint againn leis acht cibé mío-thoisg thárla lena linn, go seachnócha- maois as so amach é, agus cibé maitheas d'fhág sé slán na dhiaidh, go gcothóchamaoid agus go méadóchamaoid é san am atá rómhainn. Is maith an sgéal é go bhfuil beagán do chlannaibh Gaedheal beó bríoghmhar i nÉirinn fós agus go bhfuil do rún aca bheith ag obair go díleas dícheallach dá ndúthaigh agus dá ndúthchais féin. “Do chuaidh ó innsin in gach ré Comhairle Dé le hÉireann uill.” D'fhéadfadh Dia náisiún neamh-spleádhach do dhéanamh don tír seo céad bliadhain ó shoin. Cá bhfios dúinn dá ndéanadh, nach amhlaidh bheimís indiu, dálta gach mór- ríoghachta sa domhan, “ag goid 's ag broid 's ag breith ar éigin,” ag imirt na héagcóra ar an bhfear thall chomh maith agus nach mbéadh an Fear Thuas ann i n-aon chor? Má ghabhamar slighe ar n-aimhleasa agus sinne fá smacht na n-eachtrann, ca bhfios dúinn nach seacht ndéine do rithfimís le fánaidh agus an stiúr 'nar láimh féin? Má tháinig an mí-ádh na thuiltibh orainn, bíodh a dhearbh againn gur ar mhaithe linn féin do cuireadh nár dtreó é. 'Seadh, ar mhaithe linn, acht amháin go dtuigfimíd an sgéal agus go gcuirfimíd ar leas rómhainn feasda. Féachamois rómhainn. Ag sodar le sálaibh na huaisleachta bréige, 'seadh thréigeamar teanga ar sinnsear 's ar dtíre. Ní thiubh- ramaoid ar ais í acht le fearamhlacht agus le saothar. Sin í an chabhair iarrfas Dia orainn. Is mór atá fearamh- lacht agus saothar stuamdha críonna ag teasdáil ó Éireann- chaibh na líne seo. Má chruthuigheann siad go fearamhail saothrach críonna stuamdha san obair seo na teangadh, béidh siad ar an aigneadh chéadna i dtaobh móráin neithe nach í, agus má bhéidh, ní baoghal go dteipfidh orra éan deagh-obair eile dá mhéad, dá gcuirfidh siad lámh innti. Cad as nach n-éireochadh le hÉireannach i nÉirinn comh maith agus taobh amuigh dhi? Mar tá sé in' fhear thar sáile agus ina ghiobhal ar iorball chóta Sheáin Bhuidhe i nÉirinn. Béidh átharrach sgéil againn san Nua-aois le congnamh Dé.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services