Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Ar Tháirsigh na Nua-Aoise

Teideal
Ar Tháirsigh na Nua-Aoise
Údar
Ní fios,
Dáta cumtha
1901
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Eanair 5, 1901.



Ar Tháirsigh na Nua-Aoise.



Támaoid anois ar tháirsigh na nua-aoise. Is fearr
féachain rómhainn ná dhá fhéachain 'nar ndiaidh. Ní'l éan-
mhaith dhúinn ag caoineadh fá 'n am do chuaidh tharainn agus
fá 'n mbainne atá dóirtthe. Ní thiocfaidh an t-am soin
ar ais agus ní féidir a leasughadh. Ní'l éan-bhaint againn
leis acht cibé mío-thoisg thárla lena linn, go seachnócha-
maois as so amach é, agus cibé maitheas d'fhág sé slán na
dhiaidh, go gcothóchamaoid agus go méadóchamaoid é san
am atá rómhainn. Is maith an sgéal é go bhfuil beagán
do chlannaibh Gaedheal beó bríoghmhar i nÉirinn fós agus
go bhfuil do rún aca bheith ag obair go díleas dícheallach
dá ndúthaigh agus dá ndúthchais féin.



“Do chuaidh ó innsin in gach ré
Comhairle Dé le hÉireann uill.”



D'fhéadfadh Dia náisiún neamh-spleádhach do dhéanamh
don tír seo céad bliadhain ó shoin. Cá bhfios dúinn
dá ndéanadh, nach amhlaidh bheimís indiu, dálta gach mór-
ríoghachta sa domhan, “ag goid 's ag broid 's ag breith
ar éigin,” ag imirt na héagcóra ar an bhfear thall chomh
maith agus nach mbéadh an Fear Thuas ann i n-aon chor?
Má ghabhamar slighe ar n-aimhleasa agus sinne fá smacht na
n-eachtrann, ca bhfios dúinn nach seacht ndéine do
rithfimís le fánaidh agus an stiúr 'nar láimh féin? Má
tháinig an mí-ádh na thuiltibh orainn, bíodh a dhearbh againn
gur ar mhaithe linn féin do cuireadh nár dtreó é. 'Seadh,
ar mhaithe linn, acht amháin go dtuigfimíd an sgéal agus
go gcuirfimíd ar leas rómhainn feasda. Féachamois
rómhainn.



Ag sodar le sálaibh na huaisleachta bréige, 'seadh
thréigeamar teanga ar sinnsear 's ar dtíre. Ní thiubh-
ramaoid ar ais í acht le fearamhlacht agus le saothar. Sin
í an chabhair iarrfas Dia orainn. Is mór atá fearamh-
lacht agus saothar stuamdha críonna ag teasdáil ó Éireann-
chaibh na líne seo. Má chruthuigheann siad go fearamhail
saothrach críonna stuamdha san obair seo na teangadh,
béidh siad ar an aigneadh chéadna i dtaobh móráin neithe
nach í, agus má bhéidh, ní baoghal go dteipfidh orra éan
deagh-obair eile dá mhéad, dá gcuirfidh siad lámh innti.
Cad as nach n-éireochadh le hÉireannach i nÉirinn comh
maith agus taobh amuigh dhi? Mar tá sé in' fhear thar sáile
agus ina ghiobhal ar iorball chóta Sheáin Bhuidhe i nÉirinn.
Béidh átharrach sgéil againn san Nua-aois le congnamh
Dé.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services