Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Deireadh na Sean-Aoise
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Deireadh na Sean-Aoise
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Deireadh na Sean-Aoise Tá an naomhadh céad déag d'aois ar Slánuightheóra ag dul i n-éag. I gceann cúpla lá eile béidh deireadh leis. Ba hé an céad braonach brónach do mhuinntir na hÉireann é. Do chaill Éire bhocht, le linn an chéid seo, daoine, maoin, oibreacha, teanga, ceól, nósa, béasa, misneach, inntleacht, greann, tuigse, toil agus gach maitheas eile acht amháin a muinighin as Dia Uile-chumhachtach. Do thréig sí a dúthchas féin ar dhúthchas coigcrígheach, thug sí maise ar mhí-mhaise, d'umhluigh sí do bhréagacht, agus sin ar son glóire díomhaoine an tsaoghail seo. Slán marbh leis an naomhadh céad déag! Is iomdha súil tirm a bhéas na diaidh i nÉirinn. An tír úd nár thogair sluaighte buadhacha na Rómha méar do leagan uirri, an tír do chuir smacht ar an Lochlannach agus do rinne Éireannach de, an tír do ghlac go lán-toilteanach le Creideamh Críost, do chothuigh agus do bheathuigh ar a hucht é agus do leathnuigh na dhiaidh sin é ar fud ríoghacht na hEorpa, an tír rug buaidh ar lucht a buaidhte go ndéarnaidh sí Geadheal thar Ghaedhealaibh do'n Normannach cródha teann, an tír d'fhuiling na pianta báis fó thíoránacht na Sasanach agus nár ghéill dó; tír na ríogh agus na laoch, tír na naomh agus na n-ollamh, tír na bhfileadh agus na mbárd, tír na leabhar agus na léigheann, tír na gcrot agus na gcláirseach, tír na gceall agus na gcros, tír na fairsinge agus na féile, le hiompódh na láimhe d'iompuigh sí a cúrsa, do ghlac sí mar shompla an dream do bhí gan croidhe gan creideamh gan béasa gan daonnacht gan fios na fírinne gan dúil i bhfíor-mhaitheas, do chuir sí púcóg thar a súilibh féin, do shíl sí gur bh'uaisleacht a n-ísleacht súd, agus gur dhuineatacht a mbuirbeacht, do chum sí mar leithsgéal di féin gur bh'é riachtanas an tsaoghail thug uirri an feall so d'imirt uirri féin - agus cad tá aici dá bhárr? Easbhaidh daoine, easbhaidh maoine, dreóghadh agus feódh, meath agus meatacht, agus mar bharr air sin go léir, táir agus tarcaisne an domhain mhóir, má mheasann an domhan mór Éire do bheith ann i n-aon chor. Dá dhonacht an sgéal é, is fírinne ghlan gach uile fhocal de. Is baoghlach, dá nochtfaidhe an fhírinne iomlán, go mbadh seacht measa é ná a bhfuil inniste againn. Ní éirigheann leis an mbréig i bhfus ná thall. Meathann an aithris. Ní chuireann an plannda fréamha san úir nach dual dó, agus nuair nach gcuireann sé fréamha ní thagann bláth air. Meathann sé. Ná bíom ag caoineadh. Ní thuilleann sé deór uainn, an céad bliadhan is dona dá bhfacaidh Éire ó aimsir an Tailginn. Tá an aois nua ar an táirsigh againn. Tá Dia ag dearcadh anuas ar Éirinn mar bhí Sé riamh, agus "mar is toil le Dia bhéas an lá." Acht fuaramar an seanfhocal ó na seandaoinibh - "Is mian le Dia cabhair d'fhagáil." Bímís díleas dár ndúthchas féin, coimhlíonam ar ndualgas féin, bíom muinighneach as ar dtír féin. Má's fada an oidhche tig an lá. Bhí céad bliadhain d'oidhche againn, acht tá an lá ag breacadh cheana féin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services