Cúrsaidhe an tSaoghail
Deireadh na Sean-Aoise
Tá an naomhadh céad déag d'aois ar Slánuightheóra
ag dul i n-éag. I gceann cúpla lá eile béidh deireadh
leis. Ba hé an céad braonach brónach do mhuinntir na
hÉireann é. Do chaill Éire bhocht, le linn an chéid seo,
daoine, maoin, oibreacha, teanga, ceól, nósa, béasa,
misneach, inntleacht, greann, tuigse, toil agus gach maitheas
eile acht amháin a muinighin as Dia Uile-chumhachtach. Do
thréig sí a dúthchas féin ar dhúthchas coigcrígheach, thug
sí maise ar mhí-mhaise, d'umhluigh sí do bhréagacht, agus sin
ar son glóire díomhaoine an tsaoghail seo. Slán
marbh leis an naomhadh céad déag! Is iomdha súil
tirm a bhéas na diaidh i nÉirinn.
An tír úd nár thogair sluaighte buadhacha na Rómha
méar do leagan uirri, an tír do chuir smacht ar an
Lochlannach agus do rinne Éireannach de, an tír do ghlac
go lán-toilteanach le Creideamh Críost, do chothuigh agus
do bheathuigh ar a hucht é agus do leathnuigh na dhiaidh sin é
ar fud ríoghacht na hEorpa, an tír rug buaidh ar lucht
a buaidhte go ndéarnaidh sí Geadheal thar Ghaedhealaibh
do'n Normannach cródha teann, an tír d'fhuiling na
pianta báis fó thíoránacht na Sasanach agus nár ghéill dó;
tír na ríogh agus na laoch, tír na naomh agus na n-ollamh, tír
na bhfileadh agus na mbárd, tír na leabhar agus na léigheann,
tír na gcrot agus na gcláirseach, tír na gceall agus na
gcros, tír na fairsinge agus na féile, le hiompódh na
láimhe d'iompuigh sí a cúrsa, do ghlac sí mar shompla
an dream do bhí gan croidhe gan creideamh gan
béasa gan daonnacht gan fios na fírinne gan dúil i
bhfíor-mhaitheas, do chuir sí púcóg thar a súilibh féin,
do shíl sí gur bh'uaisleacht a n-ísleacht súd, agus gur
dhuineatacht a mbuirbeacht, do chum sí mar leithsgéal
di féin gur bh'é riachtanas an tsaoghail thug uirri an
feall so d'imirt uirri féin - agus cad tá aici dá bhárr?
Easbhaidh daoine, easbhaidh maoine, dreóghadh agus feódh,
meath agus meatacht, agus mar bharr air sin go léir, táir agus
tarcaisne an domhain mhóir, má mheasann an domhan
mór Éire do bheith ann i n-aon chor.
Dá dhonacht an sgéal é, is fírinne ghlan gach uile
fhocal de. Is baoghlach, dá nochtfaidhe an fhírinne
iomlán, go mbadh seacht measa é ná a bhfuil inniste
againn. Ní éirigheann leis an mbréig i bhfus ná thall.
Meathann an aithris. Ní chuireann an plannda fréamha
san úir nach dual dó, agus nuair nach gcuireann sé fréamha
ní thagann bláth air. Meathann sé.
Ná bíom ag caoineadh. Ní thuilleann sé deór uainn,
an céad bliadhan is dona dá bhfacaidh Éire ó aimsir
an Tailginn. Tá an aois nua ar an táirsigh againn.
Tá Dia ag dearcadh anuas ar Éirinn mar bhí Sé riamh,
agus "mar is toil le Dia bhéas an lá." Acht fuaramar
an seanfhocal ó na seandaoinibh - "Is mian le Dia
cabhair d'fhagáil." Bímís díleas dár ndúthchas féin,
coimhlíonam ar ndualgas féin, bíom muinighneach as
ar dtír féin. Má's fada an oidhche tig an lá. Bhí
céad bliadhain d'oidhche againn, acht tá an lá ag
breacadh cheana féin.