Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Smaointe Tráthamhla
Title
Smaointe Tráthamhla
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Mí Nodlag 22, 1900 Smaointe Tráthamhla. Go dtugaidh Dia Nodlaig mhaith d'ar léightheóiribh uile. Sláinte agus saoghal aca, greann agus sult agus gáire mór na Nodlag. Tá an Nodlaig ag druidim linn, agus ní mór dúinn b'fhéidir, breathnughadh siar ar a bhfuil déanta againn i rith na bliadhna so caithte againn. Tá gach éan-chomhartha ann go bhfuil ag éirghe go tréan le n-ar dteangaidh dhuthchais, agus go bhfuil sí ag dul i dtreise ó ló go ló. Tá gach éin-sgéal níos fearr 'ná a chéile againn le cur síos ar obair na bliadhna so. Tá an Connradh ag leathadh go hiongantach tar na ceantrachaibh Gaedhealacha de bharr chruadh-oibre Thomáis Uí Chonceanainn. Cuireadh mórán craobh ar bun i mBaile Átha Cliath féin. Tá eólas ar cheist na teangadh ag leathadh i measg daoine i gcoitchinne ar fud na tíre. Táimíd ag faghail greim ar lucht léighte agus ar lucht céille na hÉireann. Nuair bhéidh siad sain againn ní baoghal dúinn. Féach an méid leabhar do cuireadh i gclodh i mbliadhna. Níor cuireadh riamh i gclódh i n-éin-bhliadhain amháin a leath-oiread leabhar Gaedhilge is cuireadh i gclodh i rith bliadhna so. Tá cuid do na páipéaraibh Béarla ag cabhrughadh go tréan linn, go háirighthe "An Léadar," ar nguidhmíd séan. Acht an t-aon bhuaidh is fearr ná a chéile, tá sé nach mór faghálta againn; is é sin Oideachas Dá-theangadh ins na ceantrachaibh na ngnáth-labharthar Geadhilg. Tar éis a ndubhairt Árd-Easbog Bhaile Átha Cliath mar gheall air coigthighis ó shoin is deimhin nach mbeidh lucht riagh- luighthe na sgol 'na choinnibh má's dóigh leó go gcuirid muintir na hÉireann suim ar bith ann. Ag na Sagar- taibh agus ag na Máighistríbh sgoile is eadh atá riaradh an ghnótha fá láthair. Ná bídís feasda ag cur milleáin ar an gClár Léighinn, acht luighidís féin chum oibre chomh luath i nÉirinn agus is féidir leó. Muna ndéinid sin beidh leath-sgéal ag an gClár Léighinn chum éirghe as ar fad, agus cá mbéimís-ne annsain? "Glac an mhuc ar a cois nuair gheabhair í," mar adeir an sean-fhocal. Tá ag éirghe le cúis na Geadhilge go maith. B'fhada fann sinn, acht táimíd ag dul i dtreise agus i neart, a bhuidhe le Dia na Glóire.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services