Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Smaointe Tráthamhla

Title
Smaointe Tráthamhla
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Mí Nodlag 22, 1900



Smaointe Tráthamhla.



Go dtugaidh Dia Nodlaig mhaith d'ar léightheóiribh uile.
Sláinte agus saoghal aca, greann agus sult agus gáire mór na
Nodlag.



Tá an Nodlaig ag druidim linn, agus ní mór dúinn
b'fhéidir, breathnughadh siar ar a bhfuil déanta againn i
rith na bliadhna so caithte againn. Tá gach éan-chomhartha
ann go bhfuil ag éirghe go tréan le n-ar dteangaidh
dhuthchais, agus go bhfuil sí ag dul i dtreise ó ló go ló.
Tá gach éin-sgéal níos fearr 'ná a chéile againn le cur
síos ar obair na bliadhna so. Tá an Connradh ag
leathadh go hiongantach tar na ceantrachaibh Gaedhealacha
de bharr chruadh-oibre Thomáis Uí Chonceanainn. Cuireadh
mórán craobh ar bun i mBaile Átha Cliath féin. Tá
eólas ar cheist na teangadh ag leathadh i measg daoine
i gcoitchinne ar fud na tíre. Táimíd ag faghail greim
ar lucht léighte agus ar lucht céille na hÉireann. Nuair
bhéidh siad sain againn ní baoghal dúinn.



Féach an méid leabhar do cuireadh i gclodh i mbliadhna.
Níor cuireadh riamh i gclódh i n-éin-bhliadhain amháin a
leath-oiread leabhar Gaedhilge is cuireadh i gclodh i rith
bliadhna so.



Tá cuid do na páipéaraibh Béarla ag cabhrughadh go
tréan linn, go háirighthe "An Léadar," ar nguidhmíd séan.



Acht an t-aon bhuaidh is fearr ná a chéile, tá sé nach
mór faghálta againn; is é sin Oideachas Dá-theangadh
ins na ceantrachaibh na ngnáth-labharthar Geadhilg. Tar
éis a ndubhairt Árd-Easbog Bhaile Átha Cliath mar gheall
air coigthighis ó shoin is deimhin nach mbeidh lucht riagh-
luighthe na sgol 'na choinnibh má's dóigh leó go gcuirid
muintir na hÉireann suim ar bith ann. Ag na Sagar-
taibh agus ag na Máighistríbh sgoile is eadh atá riaradh an
ghnótha fá láthair. Ná bídís feasda ag cur milleáin ar
an gClár Léighinn, acht luighidís féin chum oibre chomh
luath i nÉirinn agus is féidir leó. Muna ndéinid sin beidh
leath-sgéal ag an gClár Léighinn chum éirghe as ar fad,
agus cá mbéimís-ne annsain? "Glac an mhuc ar a cois
nuair gheabhair í," mar adeir an sean-fhocal.



Tá ag éirghe le cúis na Geadhilge go maith. B'fhada
fann sinn, acht táimíd ag dul i dtreise agus i neart, a
bhuidhe le Dia na Glóire.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services