Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Domhnall Amadán
Title
Domhnall Amadán
Author(s)
Cúchulainn,
Pen Name
Cúchulainn
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Domhnall Amadán Bhí baintreabhach ann fad ó, agus bhí mac aici. B'é an mac an t-amadán is mó do mhair riamh fá an spéir, Domhnall Amadán a bhíodh ag daoinibh air. Bhíodh sé i gcomhnuidhe ag iarraidh ar a mháthair cleamhnas do dhéanamh dhó agus ó bhíodar an-bhocht mheas sí go mb'fhearr di é. Bhí feirmín aca agus gheábhadh sí beagáinín airgid mar spré leis an gcailín bhí fhios aici ná pósfadh aon cháilín 'na gcomharsanacht féin a hamadán, agus chuir sí sgéal chum cailín a bhí 'na comhnuidhe seacht nó ocht míle uatha. Fuar sí freagra agus bhí an cailín is a hathair ag teacht chucha chum an cleamhnas do shocrughadh. An lá bhíodar ag teacht bhí gé marbh aici i gcóir an dinéir agus nuair bhí gach aon nidh ullamh aici, is an ghé i gcorcán ar an teinidh d'imthigh i gcoinnibh an chailín is a hathair agus d'fhág Domhnall ag coimeád tighe. Nuair b'a dhóigh le Domhnall go raibh an ghé beirbhthe thóg sé ainíos í. D'éirigh an boladh breagh aisti agus tháinig flosg an domhain air chúici, is dubhairt leis féin nár mhiste dhó a chuid d'ithe. Fuair sé sgian, agus gheárr píosa, agus d'ith é, acht ní raibh sé sásta ná leath-shásta. Dubhairt leis féin annsain nár mhór le n-a mháthair a cuid do thabhairt dó agus do thosnuigh sé ag ithe arís. Do réir mar bhí sé ag ithe is amhlaidh bhí ocras ag teacht air agus níor stad sé gur ith sé gach aon bhlúire dhi. Annsain do chuimhnigh sé air féin; bhí an ghé ithte agus ní raibh puínn i gcomhair a ndinéir ann. Bhí gé ag gor fá an staidhre, agus cad do dhin m'amadán acht breith uirri agus í mharbhadh. Do chlúduigh sé gach aon nídh sa tigh le clúimh agus é dá hullmhughadh. Do chuir síos ar an teinidh í ins an anbhruith chéadna bhí ar an chéad ghé. Anois bhí an donas ar fad air. Bhí an ghé marbh aige agus na huibhe dá bhfuarughadh. Ní raibh de sheift annsain aige acht dul isteach fá an staidhre agus bheith dá ngor. Ní raibh m'amadán bocht ró-fhada ag gor nuair tháinig an mháthair isteach, agus an cailín is a hathair 'na diaidh agus is breagh an tigh a bhí rómpa. Do ghlaoidh sí ar Dhomhnall agus geallaim duit go raibh iongnadh orra nuair d'fhreagair sé fá an staidhre "Táim annso," ar seisean. "Cad do b'áil leat annsain?" ar sisi. "Táim ag coimeád na n-ubh te," ar seisean. "Cá bhfuil an gé?" ars an mháthair. "Tá sí ins an chorcán ar an teinidh," ar seisean. "D'itheas an ceann eile agus chaitheas í mharbhadh i gcóir an dinéir." Annsain tháinig fearg uirri rug sí ar mhullach cinn air agus do tharraing amach é ar an úrlár. Do thuit na huibhe amach as brollach a léine agus do briseadh gach aon cheann aca. Níor fhan an cailín is a hathair le n-a thuilleadh d'fheicsint. Amach ar an doras leó agus do bhogadar an bóthair abhaile. Tháinig an bhaintreabhach chum an dorais ag glaodhach 'na ndiaidh acht dá mbéadh sí ag glaodhach go dtí lá Philib an Chleite ní thiocfadh siad thar n-ais. Cúchulainn
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services