Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Domhnall Amadán

Title
Domhnall Amadán
Author(s)
Cúchulainn,
Pen Name
Cúchulainn
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Domhnall Amadán



Bhí baintreabhach ann fad ó, agus bhí mac aici. B'é an
mac an t-amadán is mó do mhair riamh fá an spéir,
Domhnall Amadán a bhíodh ag daoinibh air.



Bhíodh sé i gcomhnuidhe ag iarraidh ar a mháthair
cleamhnas do dhéanamh dhó agus ó bhíodar an-bhocht mheas sí
go mb'fhearr di é.



Bhí feirmín aca agus gheábhadh sí beagáinín airgid mar
spré leis an gcailín bhí fhios aici ná pósfadh aon cháilín
'na gcomharsanacht féin a hamadán, agus chuir sí sgéal
chum cailín a bhí 'na comhnuidhe seacht nó ocht míle uatha.
Fuar sí freagra agus bhí an cailín is a hathair ag teacht
chucha chum an cleamhnas do shocrughadh.



An lá bhíodar ag teacht bhí gé marbh aici i gcóir an
dinéir agus nuair bhí gach aon nidh ullamh aici, is an ghé
i gcorcán ar an teinidh d'imthigh i gcoinnibh an chailín
is a hathair agus d'fhág Domhnall ag coimeád tighe.



Nuair b'a dhóigh le Domhnall go raibh an ghé beirbhthe
thóg sé ainíos í. D'éirigh an boladh breagh aisti agus
tháinig flosg an domhain air chúici, is dubhairt leis féin
nár mhiste dhó a chuid d'ithe.



Fuair sé sgian, agus gheárr píosa, agus d'ith é, acht ní raibh
sé sásta ná leath-shásta.



Dubhairt leis féin annsain nár mhór le n-a mháthair
a cuid do thabhairt dó agus do thosnuigh sé ag ithe arís.



Do réir mar bhí sé ag ithe is amhlaidh bhí ocras ag
teacht air agus níor stad sé gur ith sé gach aon bhlúire dhi.



Annsain do chuimhnigh sé air féin; bhí an ghé ithte agus
ní raibh puínn i gcomhair a ndinéir ann. Bhí gé ag gor
fá an staidhre, agus cad do dhin m'amadán acht breith
uirri agus í mharbhadh. Do chlúduigh sé gach aon nídh sa tigh
le clúimh agus é dá hullmhughadh.



Do chuir síos ar an teinidh í ins an anbhruith chéadna
bhí ar an chéad ghé.



Anois bhí an donas ar fad air. Bhí an ghé marbh aige
agus na huibhe dá bhfuarughadh.



Ní raibh de sheift annsain aige acht dul isteach fá
an staidhre agus bheith dá ngor.



Ní raibh m'amadán bocht ró-fhada ag gor nuair
tháinig an mháthair isteach, agus an cailín is a hathair 'na
diaidh agus is breagh an tigh a bhí rómpa. Do ghlaoidh sí ar
Dhomhnall agus geallaim duit go raibh iongnadh orra nuair
d'fhreagair sé fá an staidhre "Táim annso," ar
seisean.



"Cad do b'áil leat annsain?" ar sisi.



"Táim ag coimeád na n-ubh te," ar seisean.



"Cá bhfuil an gé?" ars an mháthair.



"Tá sí ins an chorcán ar an teinidh," ar seisean.



"D'itheas an ceann eile agus chaitheas í mharbhadh i gcóir
an dinéir."



Annsain tháinig fearg uirri rug sí ar mhullach cinn
air agus do tharraing amach é ar an úrlár. Do thuit na
huibhe amach as brollach a léine agus do briseadh gach aon
cheann aca.



Níor fhan an cailín is a hathair le n-a thuilleadh
d'fheicsint. Amach ar an doras leó agus do bhogadar an
bóthair abhaile.



Tháinig an bhaintreabhach chum an dorais ag glaodhach
'na ndiaidh acht dá mbéadh sí ag glaodhach go dtí lá
Philib an Chleite ní thiocfadh siad thar n-ais.



Cúchulainn

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services