Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Is bog, braonach atá ár nduine muinteardha Seaghán Buidhe ag logóireacht an aimsir seo. Is cóir do mhná caointe na tuatha greas do ghol leis. Buille trom do fuair sé idir an dá shúil, fá mar do bhuailfeá fear i gcláir an éadain le ceapórd. Ní raibh coinne ag Seaghán bocht leis; go deimhin féin bhí sé ag feitheamh le sgéal maith, mar dar leis, bhí De Bhet i gcumhangach fá dheireadh aige. Is é Delaré do bhuail an buille seo do leath-chosa Sheaghain agus do bhain lasair as a shúilibh. Bhí an ceannport Clements go gnóthach le fada annsúd timcheall Phretoria ag creachadh agus ag cosgairt, agus is iomdha bruighean do bhí ag na Bóraigh leis. Do dhúisigh an laoch Delaré é le breacadh an lae, an tseachtmhain soe ghabh thart, cois Magaliesburg mar a raibh Clements suidhte 'na longphort, claiseacha geárrtha aige, agus fir faire lasmuich. Is beag é ár gcúntus ar an ngnó fó acht amháin gur réabh dhá mhíle Bórach deich míle Sasanach, gur sgiobadar leo sé nó seacht de chéadaibh aca agus gur leanadar ar Clements ar feadh fiche míle 'gá léasadh. Ní fhuil fhios againn an 'mó fear do chaill sé, acht deir Citsiner go raibh an t-ár go trom agus gidh go raibh Clements ag glaodhach ar chabhair, nách raibh sé i gcumas an Fhrínsigh 'ná Bhroaduood teacht 'na ghoire. Do shnáimh na Bóraigh thréana suas aghaidh chnoic agus 'naindeoin na Sasanach agus do mhilleadar a raibh ar mullach. Is cosamhail é le Spíon Cop. Tá Laoiseach Bóta go gnóthach leis cois Standerton. Sgaipeadar é adeir an tuairisg acht mar sin féin thóg sé leis trí chéad capall uainn agus beagán lóin. Sin é díreach é; do theasduigh na capaill ó Laoiseach agus fuair sé iad. Chuaidh sé dhínn breith ar an bhfear míorbhúileach sain De Bhet, adeir Seaghan. Ar m'anam nách í sin an fhírinne. Rugadar air acht bhogadar de arís go tapaidh. Cionnus do sguir sé é féin as an gcuibhreach úd? adeir na páipéir, dá abha bhuile 'na dtuile ar a aghaidh amach, agus na mílte saighdiúir ar gach taobh de. Déarfamuis go raibh aon fhear eile acht Aodh Ruadh De Bhet caillte, mar ná léimfeadh "each na hÍne ruadh," an abha Caledon nuair do bhíonn sí i dtuile. Mar sin féin do sheól Aodh Ruadh a chuid fear agus a ghunnaí tarsna na habhann agus do bhris sé thres na Sasanaigh, ní gan duadh, mar do bhí, an chuid is lúgha dhe, chuig feara déag i gcoinnibh gach Bórach leis, agus do réir dheallraimh bhí fuil 'na sruthaibh. Do thóg na Sasanaigh sean Bhórach liath. Dubhairt páipéir Lunduin go raibh an sean laoch úd crapuighthe le daigheacha. Seólfar an loch amach é, ní bheidh truagh d'á phiantaibh cnámha 'na d'á aos. Is dócha go raibh a mhic agus mic a mhac ag troid ar ghualainn De Bhet, agus cloisfear, má fhághmhuid cúntus cruinn go deo ar an mbruighin seachtmhaine úd gur fhág na Bóraigh rian a lámh ar na Sasanaigh. Ba dhóich leat gur ag dul i dtreise atáid siad agus gan ann díobh acht fíor-bheagán. Beidh easba bídh agus pileár ortha ar ball, adeir Seaghán. Cuireann sain misneach air. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services