Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Is bog, braonach atá ár nduine muinteardha Seaghán
Buidhe ag logóireacht an aimsir seo. Is cóir do mhná
caointe na tuatha greas do ghol leis. Buille trom
do fuair sé idir an dá shúil, fá mar do bhuailfeá fear
i gcláir an éadain le ceapórd. Ní raibh coinne ag
Seaghán bocht leis; go deimhin féin bhí sé ag feitheamh
le sgéal maith, mar dar leis, bhí De Bhet i gcumhangach
fá dheireadh aige. Is é Delaré do bhuail an buille seo
do leath-chosa Sheaghain agus do bhain lasair as a shúilibh.
Bhí an ceannport Clements go gnóthach le fada annsúd
timcheall Phretoria ag creachadh agus ag cosgairt, agus is
iomdha bruighean do bhí ag na Bóraigh leis. Do dhúisigh
an laoch Delaré é le breacadh an lae, an tseachtmhain
soe ghabh thart, cois Magaliesburg mar a raibh Clements
suidhte 'na longphort, claiseacha geárrtha aige, agus fir
faire lasmuich. Is beag é ár gcúntus ar an ngnó fó
acht amháin gur réabh dhá mhíle Bórach deich míle Sasanach,
gur sgiobadar leo sé nó seacht de chéadaibh aca agus gur
leanadar ar Clements ar feadh fiche míle 'gá léasadh.
Ní fhuil fhios againn an 'mó fear do chaill sé, acht deir
Citsiner go raibh an t-ár go trom agus gidh go raibh
Clements ag glaodhach ar chabhair, nách raibh sé i gcumas
an Fhrínsigh 'ná Bhroaduood teacht 'na ghoire. Do shnáimh
na Bóraigh thréana suas aghaidh chnoic agus 'naindeoin na
Sasanach agus do mhilleadar a raibh ar mullach. Is cosamhail
é le Spíon Cop.



Tá Laoiseach Bóta go gnóthach leis cois Standerton.
Sgaipeadar é adeir an tuairisg acht mar sin féin
thóg sé leis trí chéad capall uainn agus beagán lóin.
Sin é díreach é; do theasduigh na capaill ó Laoiseach agus
fuair sé iad.



Chuaidh sé dhínn breith ar an bhfear míorbhúileach sain
De Bhet, adeir Seaghan. Ar m'anam nách í sin an
fhírinne. Rugadar air acht bhogadar de arís go
tapaidh. Cionnus do sguir sé é féin as an gcuibhreach
úd? adeir na páipéir, dá abha bhuile 'na dtuile ar a
aghaidh amach, agus na mílte saighdiúir ar gach taobh de.
Déarfamuis go raibh aon fhear eile acht Aodh Ruadh De
Bhet caillte, mar ná léimfeadh "each na hÍne ruadh,"
an abha Caledon nuair do bhíonn sí i dtuile. Mar sin
féin do sheól Aodh Ruadh a chuid fear agus a ghunnaí
tarsna na habhann agus do bhris sé thres na Sasanaigh, ní
gan duadh, mar do bhí, an chuid is lúgha dhe, chuig feara
déag i gcoinnibh gach Bórach leis, agus do réir dheallraimh
bhí fuil 'na sruthaibh. Do thóg na Sasanaigh sean Bhórach
liath. Dubhairt páipéir Lunduin go raibh an sean laoch
úd crapuighthe le daigheacha. Seólfar an loch amach é,
ní bheidh truagh d'á phiantaibh cnámha 'na d'á aos. Is
dócha go raibh a mhic agus mic a mhac ag troid ar ghualainn
De Bhet, agus cloisfear, má fhághmhuid cúntus cruinn go
deo ar an mbruighin seachtmhaine úd gur fhág na Bóraigh
rian a lámh ar na Sasanaigh. Ba dhóich leat gur ag dul
i dtreise atáid siad agus gan ann díobh acht fíor-bheagán.
Beidh easba bídh agus pileár ortha ar ball, adeir Seaghán.
Cuireann sain misneach air.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services