Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Bhréid
Title
An Bhréid
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Mí Nodlag 15, 1900. An Bhréid Deich mbliadhna fichead ó shoin ní fheicfí dá caitheamh ag urmhór de mhuintir na tuaithe acht an bhréid bhreágh Ghaedhealach; anois is fánach duine go bhfeicfeá culaidh bhréide air. Cad d'imthigh ar na daoinibh? Cad fá deara an bhréid do chaitheamh uainn? Cad tá againn 'na hionad? Sin trí cheisteanna, agus ba mhaith linn duine éigint dá réidhteach dhúinn. Tá a fhios agam go maith gur beag eólas agam-sa, ar cheist na bréide, acht mar sin féin, ó's duine mé choinnigh a shúile ar osgailt le tamall maith b'fhéidir go mbeadh rudaí ar eólas agam-sa ná fuil ag daoinibh eile. Seo fá na ceisteannaibh mar sin. Ní deacair a rádh cad d'imthigh ar na daoinibh agus an bhréid do chur i leathtaobh. D'imthigh an Bhéarla orra. Shleamhnuigh sé isteach orra a gan fhios dóibh, agus sgiob iad féibh mar do sgiobfadh seabhac mion-éan. Tugaimíd fá deara gur ins na ceantaraibh Gaedhealacha amháin do-chífí an shean-bhréid fá láthair. Ní hiongnadh sain, mar tá an Ghaedhilg 'na sgiath-chosanta ag na daoinibh seo ar na theachtairíbh chuireas Seaghan Buidhe uaidh ag díol an droch-bhfuighealla do-ghníthear thall. Nuair d'imthigh an Ghaedhilg d'imthigh mórán rudaí tábhachtacha eile uainn; agus ní bréag a dhéarbhadh do dtiocfaidh an bhréid agus na rudaí tábhachtacha Gaedhealacha eile sin thar ais chugainn do réir mar bhéas ar gcaint nádúrtha ag filleadh orainn arís. Narab fhada uainn an lá sain. Acht má tá nídh ar domhan ciontach leis an ruaig do chur ar an sean-bhréid, is é an dúil mhí-nadúrtha ain- shrianta atá againn i leanamhaint agus i n-aithris do dhéanamh ar dhaoinibh gur dóigh linn gurab uaisle iad ná sinn féin. Téidheann mac ag Tadhg Ruadh go Baile Átha Cliath (cuirimís i gcás) ag foghluim céirde nó chum bheith 'na chléireach. Beidh sé ag teacht abhaile um Nodlaig no ins an Samhradh, agus is é bheidh go pioctha gléasta. Ní áirighim na bróga ná na láimheanna, ná na cufaí ná an biréad, ní baoghal go ndearnadh i nÉirinn iad. Acht beidh culaith éadaigh air do raghadh tré fháinne dhuit beidh siad chomh breagh sain. Iad ag glinneamhaint ar slighe gur dhóigh leat gach uair do théidheann sé amach fá'n ngréin gur tre theinidh do bhéadh sé. Siubhlóchaidh sé síos an tsráid i radharc an phobail agus tiocfaidh sé aníos arís. Béidh go léir ag féachaint air, agus dá rádh gur deallrathach an garsúin é, go bhfuil feabhas ag teacht air, ná raibh éantsúil ag éinneach riamh go mbéadh mac comh galánta uasal sain ag Tadhg Ruadh agus a leithéidí. Nuair bheidh culaidh éadaigh ag teastáil ó cheann de na buachaillibh óga dá raibh ag féachaint air (is cuma pé aca gurab í culaidh a lae phósta í nó nach í), buailfidh sé isteach i siopa ghallda agus ceannóchaidh sé ceann de na culaidhthibh "galánta" so. Gheabhaidh sé saor é; dá shaoire é, dá fheabhas é; agus déarfaidh an fear taobh thiar de'n chontúir "go gcoimeádfaidh sé an dath," cé ná 'neósaidh dhó cá mhéid seachtmhain. Sin é an rud do bhíos dá chaitheamh againn i n-ionad na bréide. Ba chóir dhúinn náire bheith orainn fá dtaobh de. Bímid ag glagaireacht i dtaobh tír-ghrádh agus ná feadair sinn caidé aibghitir thír-ghrádh. B'fhíor do Dháith O Bruadair adubhairt: Is ait an nós so ag mór-chuid d'fhearaibh Éireann D'at go nuadh le mórtas maingiléiseach; Cé, tais a dtreóir ar chódaibh Galla-chléire, Ní chanaidh glór acht gósta Galla-Bhéarla. Agus is í dálta na Gaedhilge againn dálta na bréide leis.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services