An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Mí Nodlag 15, 1900.
An Bhréid
Deich mbliadhna fichead ó shoin ní fheicfí dá caitheamh
ag urmhór de mhuintir na tuaithe acht an bhréid bhreágh
Ghaedhealach; anois is fánach duine go bhfeicfeá culaidh
bhréide air. Cad d'imthigh ar na daoinibh? Cad fá
deara an bhréid do chaitheamh uainn? Cad tá againn
'na hionad?
Sin trí cheisteanna, agus ba mhaith linn duine éigint dá
réidhteach dhúinn. Tá a fhios agam go maith gur beag
eólas agam-sa, ar cheist na bréide, acht mar sin féin,
ó's duine mé choinnigh a shúile ar osgailt le tamall
maith b'fhéidir go mbeadh rudaí ar eólas agam-sa ná
fuil ag daoinibh eile. Seo fá na ceisteannaibh mar
sin.
Ní deacair a rádh cad d'imthigh ar na daoinibh agus an
bhréid do chur i leathtaobh. D'imthigh an Bhéarla orra.
Shleamhnuigh sé isteach orra a gan fhios dóibh, agus sgiob iad
féibh mar do sgiobfadh seabhac mion-éan. Tugaimíd
fá deara gur ins na ceantaraibh Gaedhealacha amháin
do-chífí an shean-bhréid fá láthair. Ní hiongnadh sain,
mar tá an Ghaedhilg 'na sgiath-chosanta ag na daoinibh
seo ar na theachtairíbh chuireas Seaghan Buidhe uaidh ag
díol an droch-bhfuighealla do-ghníthear thall. Nuair
d'imthigh an Ghaedhilg d'imthigh mórán rudaí tábhachtacha
eile uainn; agus ní bréag a dhéarbhadh do dtiocfaidh an
bhréid agus na rudaí tábhachtacha Gaedhealacha eile sin
thar ais chugainn do réir mar bhéas ar gcaint nádúrtha
ag filleadh orainn arís. Narab fhada uainn an lá sain.
Acht má tá nídh ar domhan ciontach leis an ruaig do
chur ar an sean-bhréid, is é an dúil mhí-nadúrtha ain-
shrianta atá againn i leanamhaint agus i n-aithris do
dhéanamh ar dhaoinibh gur dóigh linn gurab uaisle iad
ná sinn féin. Téidheann mac ag Tadhg Ruadh go
Baile Átha Cliath (cuirimís i gcás) ag foghluim céirde
nó chum bheith 'na chléireach. Beidh sé ag teacht abhaile
um Nodlaig no ins an Samhradh, agus is é bheidh go pioctha
gléasta. Ní áirighim na bróga ná na láimheanna, ná
na cufaí ná an biréad, ní baoghal go ndearnadh
i nÉirinn iad. Acht beidh culaith éadaigh air do
raghadh tré fháinne dhuit beidh siad chomh breagh sain.
Iad ag glinneamhaint ar slighe gur dhóigh leat gach
uair do théidheann sé amach fá'n ngréin gur tre
theinidh do bhéadh sé. Siubhlóchaidh sé síos an tsráid
i radharc an phobail agus tiocfaidh sé aníos arís.
Béidh go léir ag féachaint air, agus dá rádh gur
deallrathach an garsúin é, go bhfuil feabhas ag teacht
air, ná raibh éantsúil ag éinneach riamh go mbéadh
mac comh galánta uasal sain ag Tadhg Ruadh agus
a leithéidí. Nuair bheidh culaidh éadaigh ag teastáil
ó cheann de na buachaillibh óga dá raibh ag féachaint
air (is cuma pé aca gurab í culaidh a lae phósta
í nó nach í), buailfidh sé isteach i siopa ghallda agus
ceannóchaidh sé ceann de na culaidhthibh "galánta" so.
Gheabhaidh sé saor é; dá shaoire é, dá fheabhas é; agus
déarfaidh an fear taobh thiar de'n chontúir "go
gcoimeádfaidh sé an dath," cé ná 'neósaidh dhó cá mhéid
seachtmhain.
Sin é an rud do bhíos dá chaitheamh againn i n-ionad
na bréide. Ba chóir dhúinn náire bheith orainn fá
dtaobh de. Bímid ag glagaireacht i dtaobh tír-ghrádh
agus ná feadair sinn caidé aibghitir thír-ghrádh. B'fhíor do
Dháith O Bruadair adubhairt:
Is ait an nós so ag mór-chuid d'fhearaibh Éireann
D'at go nuadh le mórtas maingiléiseach;
Cé, tais a dtreóir ar chódaibh Galla-chléire,
Ní chanaidh glór acht gósta Galla-Bhéarla.
Agus is í dálta na Gaedhilge againn dálta na bréide
leis.