Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Demostuine Gaedhealach - III
Title
An Demostuine Gaedhealach - III
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Demostuine Gaedhealach - III Bhí na Gaedhil ariamh práinneach ar fhoghluim agus tá indiu, i bhfad i bhfad níos mó ná iad seo nach bhfuil aon Ghaedhilg aca - acht leith-sgéal oideachas Gallda. Tá siad chomh fonnmhar ar fhíor-oideachas fhagháil indiu is d'íosaidís a ndínéar oidhche Nodlag. Mar dubhairt mé cheana tá an Béarla go bríoghmhar i mbéal an fhir atá 'na mháighisdir air - acht is fír- bheagán de mhuintir Shasanna féin é sin - ní áirmhim Éireannaigh. Tá an oiread céadna máighisdireacht no cumhachta, ag Gaedhilgeóiribh nach ndeachaidh chum sgoile ariamh agus nach n-aithneóghadh “a” seachas “b” ar a dteangaidh féin, is tá ag mórán Béarlóirí thugas sgoláirí móra orra féin ar an mBéarla; agus fá dhó níos mó ná mar tá ag clainn na ndaoine gcéadna seo do shéanadar an Gaedhilg orra. Go bhfóiridh Dia orainn, is amhlaidh tá sé ag cuid aca -
ní'l sé 'na Bhéarla ná 'na Ghaedhilg aca, tá siad gan Murchadh gan Maghnas nó ar nós Mháire Ní Cheallaigh thuit idir an bád agus an balla. “Tar fairrge má rachaidh tú i gcúrsaí an tsaoghail, Is go gcasfar thú i measg ghasraí i sgrúdughadh léighinn. Is tarcuisneach an mhaise dhuit, agus is mí-chlú é, Ghan bheith aibidh clisde i dteangaidh chirt do dhúthaigh féin.” Cúig bliadhan ó shoin ní raibh an oiread is “go mbeannuighe Dia duit” ag an stócach óg seo, Mac Uí Annracháin. Bhí sé ar nós mílte, agus dá n-abróchainn na céadta mílte, ar fud na hÉireann, go raibh Gae- dhilg ag a athair agus a mháthair agus shéanadar air féin í. Acht mar dubhairt sé féin “cheannuigh sé na leabhairíní beaga sgríobh an tAthair O Gramhna” agus thosuigh sé dá bhfóghluim, ag piocadh focal suas anois agus focal eile arís, agus indiu tá sé i n-ann an teanga labhairt, í sgrí- obhadh agus í léigheadh, i bhfad níos fearr ná an Béarla, siúd is gur chaith sé téarma fada ins na sgoileannaibh “Náisiúnta,” mar is gnáthach do chuid mhór de mhuintir na hÉireann faríor! Bheimís níos fearr as dá mbeadh sinn gan dul isteach thar an tearsach ionnta ariamh. Síleann cuid againn má théidheann Seághan no Máire chomh fada leis an séamhadh leabhar, go “bhfuil a ndóthain saoghalta annsain aca,” “nach féidir a thuilleadh mhúineadh dhóibh,” go bhféadfadh siad a mbeatha agus a mbealach do dhéanamh ar fud an domhain mhóir acht sin é féin an “bheatha” eile agus an “bealach.” Go deimhin agus go dearbhtha níl aon amhras agam-sa nach 'neósann sé do'n chuid is mó aca an “bealach” anonn go Sasanna agus don ghaigeamhalacht agus nach dtugann sé “beatha” an tsaighdiúra dheirg do chuid eile aca? I dtaobh Pheadair Óig Uí Annracháin, ní hé amháin go raibh an chaint, thug sé uaidh go deas cruinn, céillidhe innte féin, acht labhair sé go binn agus go blásta; labhair sé go fearamhail agus go misneamhail, agus chuir sé fuinneamh agus casadh ceart ins gach focal di. An dá luaithe is bhí ceithre focail amach as a bhéal bhí cluaisín ar gach duine san chruinniughadh. Bhí súile gach n-aon ag féachaint isteach san dá shúil air agus iad ar thobadh tuitim amach as a gceann. Ar feadh tamaillín bhí saghas méagram orra. Ní baileach gur chreideadar a gcuid súile ná a gcuid cluasa. Bhí an oiread iongnadh orra a leithéid sin do chaint agus an t-urlabhra áluinn bheith ag teacht amach as béal an sgoraigh óig seo is dá dtuitfeadh an sneachta dearg anuas ó Ríoghacht ghil na bhFlaitheas. Ní'l aon nduine nár airigh trácht ar Dhemostuine. Sin é an t-ainm thugamar go léir ar an ngarsúin, agus ní leas-ainm é leis. Tá na mílte fear óg mar é seo ar fud na tíre, chomh cliste agus chomh aigeanta céadna, dá ndéanfaidís mar rinne seisean an sgamal gallda atá ag dalladh a n-aignidh agus ag congbháil an t-soluis amach, do chaitheamh i n-áirde, agus ní'l aon nidh chomh maith, ní'l aon nídh chor ar bith dhibreochas an sgamal sin acht an teanga - an úirlis gheall Dia dhúinn ar dtús agus cheap Sé chun sinn féin do stiúrughadh, ní hamháin ins an saoghal seo acht i mbealach ar leasa thasbaint dúinn san saoghal eile. Sí an Ghaedhilg an t-aon eochair amháin fhoisgleóchas an glas atá ar dhoras an aignidh Ghaedhealaigh. Ní'l sé ceart ná cóir, acht tá sé mí-nádurtha féachaint leis an nglas d'fhosgailt le spúnóig nó le sgin - ná le haon rud eile - mar nuair fhéachfar leis, ní féidir a dhéanamh agus fá dheireadh is fá dhó fáighthear an tuagh nó ag t-ord agus bristear an glas. Bristear an aigneadh Gaedhealach ar an gcuma chéadna. Táthar dá dhéanamh ins na sgoileannaibh le trí bliadhnaibh agus trí fichid. Tugann an t-athair agus an mháthair an chéad bhuille agus an dara bhuille do'n ord do'n aigneadh nuair labhreann siad Béarla - is cuma olc nó maith é - le n-a gcuid cloinne an ionad Teangadh na tíre. Tugtar buille eile ins na sgoileannaibh dhi nuair fhéachtar le páisdíbh do mhúineadh tré theangaidh nach dtuigeann siad. An glór nach dtuigeann an ceann is cuma é bheith ann nó as. Sin seanfhocal agus ní féidir é shárughadh. Tá an iomad Náisiún agus Ríoghacht san domhan agus ní'l aon cheann aca leigfeadh an obair seo air aghaidh chomh fada is bheitheá ag dúnadh do dhá shúil, nó ag caitheamh gal tobac, acht amháin bodaigh agus claidhrí na hÉireann - mar ní rud ar bith eile sinn acht spriosáin gan mhaith, gan mhaoin, gan croidhe, gan anam, gan misneach. Caithfear an fhírinne innseacht siúd is gur minic bhíonn sí searbh. Bhíomar ró-fhada dá moladh féin, ag rádh gur sinne na daoine is fearr ó Neamh anuas. A chailíní agus a bhuachaillí óga, má choinnigheann sibh oraibh níos faide tuitfidh sibh leis an aill, agus déanfar smidiríní dhíbh ar an urlár Ghallda. Stracaidh an púicín ó nbhur gceann go tapaidh go mbeidh a fhios agaibh cá bhfuil sibh ag dul. Sgaoilidh isteach an solus; labhraidh an teanga má tá sí agaibh; ceannuighidh na leabhairíní beaga agus nuair dhéanas sibh sin - coinnighidh ar an obair go dílis agus go duthrachtach. Ná caithidh suas dí tar éis beagáinín aimsire agus na habraidh go bhfuil sí deacair. Féach le beagán nó mórán do phiocadh suas gach lá. Má ghnidheann sibh sin creid mise ann go n-imtheóchaidh an sgamal d'bhur súilibh agus 'na ionad tiocfaidh an solus isteach agus lasfaidh sé suas an aigneadh áluinn cheap Dia dhúinn seachas aon mhuintir eile san domhan. Ní'l aon fhocal do'n teangaidh chuirfidh sibh isteach i nbhur gceann nach n-aireóchaidh sibh agus nach ndéarfaidh sibh libh féin go bhfuil sibh níos fearr as a ucht. Tiocfaidh críostamhlacht agus fearamhlacht isteach le gach focal. Meadóchaidh an mheabhair chinn. Cuirfidh sí misneach agus muinighin ionnaibh. Ní bheidh náire ná sgáth ná faitchíos oraibh seasamh suas os comhair an domhain mhóir mar Pheadar Óg Ua hAnnracháin, an Demostuine Gaedhealach, mar beidh rud éigin lé rádh agaibh, agus ní bheidh easba focal oraibh le n-a gcur i gcionn.
Ní'l aon fhocal do'n teangaidh thiubharamuid thar n-ais nach bhfuilmíd ag tógáil claidhe láidir agus fál árd idir sinn féin agus spioraid ghallda agus ag tarraingt Éireann níos faide ó Shasana agus níos goire do lá na saoirse - mar is í an teanga agus an teanga amháin 'bun agus riléar na SAOIRSE Dallamullóg is the name used in Connacht for a disease in the eyes of sheep. It spreads across the eye and makes them blind after some time. Fonnmhar, glad. Shéanadar — i.e., kept the knowledge of Irish from them. Murchadh, “Without Murrough or Manus” &c., a reproach to your credit. Bheimís níos fearr as, we would be better off. Tearsach (táirseach), threshold. Gaigeamhlacht, caddishness. Baileach, fully, hardly. Urlabhra, speech, talk. Mí-nádurtha, against nature. Fá dheireadh 's fá dhó (dheoidh), at long last. Glór talk, sound. Go dílis & go duthrachtach, loyally and zealously. As a ucht, on account of it.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services