Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Demostuine Gaedhealach - III

Title
An Demostuine Gaedhealach - III
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Demostuine Gaedhealach - III



Bhí na Gaedhil ariamh práinneach ar fhoghluim agus tá
indiu, i bhfad i bhfad níos mó ná iad seo nach bhfuil aon
Ghaedhilg aca - acht leith-sgéal oideachas Gallda.



Tá siad chomh fonnmhar ar fhíor-oideachas fhagháil
indiu is d'íosaidís a ndínéar oidhche Nodlag.



Mar dubhairt mé cheana tá an Béarla go bríoghmhar
i mbéal an fhir atá 'na mháighisdir air - acht is fír-
bheagán de mhuintir Shasanna féin é sin - ní áirmhim
Éireannaigh.



Tá an oiread céadna máighisdireacht no cumhachta,
ag Gaedhilgeóiribh nach ndeachaidh chum sgoile ariamh agus
nach n-aithneóghadh “a” seachas “b” ar a dteangaidh
féin, is tá ag mórán Béarlóirí thugas sgoláirí móra
orra féin ar an mBéarla; agus fá dhó níos mó ná mar
tá ag clainn na ndaoine gcéadna seo do shéanadar
an Gaedhilg orra.



Go bhfóiridh Dia orainn, is amhlaidh tá sé ag cuid aca -


L. 610


ní'l sé 'na Bhéarla ná 'na Ghaedhilg aca, tá siad gan
Murchadh gan Maghnas nó ar nós Mháire Ní Cheallaigh
thuit idir an bád agus an balla.



“Tar fairrge má rachaidh tú i gcúrsaí an tsaoghail,
Is go gcasfar thú i measg ghasraí i sgrúdughadh
léighinn.
Is tarcuisneach an mhaise dhuit, agus is mí-chlú é,
Ghan bheith aibidh clisde i dteangaidh chirt do dhúthaigh
féin.”



Cúig bliadhan ó shoin ní raibh an oiread is “go
mbeannuighe Dia duit” ag an stócach óg seo, Mac
Uí Annracháin. Bhí sé ar nós mílte, agus dá n-abróchainn
na céadta mílte, ar fud na hÉireann, go raibh Gae-
dhilg ag a athair agus a mháthair agus shéanadar air féin í.



Acht mar dubhairt sé féin “cheannuigh sé na leabhairíní
beaga sgríobh an tAthair O Gramhna” agus thosuigh sé dá
bhfóghluim, ag piocadh focal suas anois agus focal eile
arís, agus indiu tá sé i n-ann an teanga labhairt, í sgrí-
obhadh agus í léigheadh, i bhfad níos fearr ná an Béarla,
siúd is gur chaith sé téarma fada ins na sgoileannaibh
“Náisiúnta,” mar is gnáthach do chuid mhór de mhuintir
na hÉireann faríor!



Bheimís níos fearr as dá mbeadh sinn gan dul isteach
thar an tearsach ionnta ariamh.



Síleann cuid againn má théidheann Seághan no Máire
chomh fada leis an séamhadh leabhar, go “bhfuil a ndóthain
saoghalta annsain aca,” “nach féidir a thuilleadh
mhúineadh dhóibh,” go bhféadfadh siad a mbeatha agus a
mbealach do dhéanamh ar fud an domhain mhóir acht sin é
féin an “bheatha” eile agus an “bealach.”



Go deimhin agus go dearbhtha níl aon amhras agam-sa
nach 'neósann sé do'n chuid is mó aca an “bealach”
anonn go Sasanna agus don ghaigeamhalacht agus nach dtugann
sé “beatha” an tsaighdiúra dheirg do chuid eile aca?



I dtaobh Pheadair Óig Uí Annracháin, ní hé amháin go
raibh an chaint, thug sé uaidh go deas cruinn, céillidhe
innte féin, acht labhair sé go binn agus go blásta; labhair
sé go fearamhail agus go misneamhail, agus chuir sé fuinneamh
agus casadh ceart ins gach focal di. An dá luaithe is bhí
ceithre focail amach as a bhéal bhí cluaisín ar gach duine
san chruinniughadh.



Bhí súile gach n-aon ag féachaint isteach san dá shúil
air agus iad ar thobadh tuitim amach as a gceann. Ar
feadh tamaillín bhí saghas méagram orra. Ní baileach
gur chreideadar a gcuid súile ná a gcuid cluasa. Bhí
an oiread iongnadh orra a leithéid sin do chaint agus an
t-urlabhra áluinn bheith ag teacht amach as béal an
sgoraigh óig seo is dá dtuitfeadh an sneachta dearg
anuas ó Ríoghacht ghil na bhFlaitheas.



Ní'l aon nduine nár airigh trácht ar Dhemostuine.
Sin é an t-ainm thugamar go léir ar an ngarsúin, agus ní
leas-ainm é leis.



Tá na mílte fear óg mar é seo ar fud na tíre,
chomh cliste agus chomh aigeanta céadna, dá ndéanfaidís
mar rinne seisean an sgamal gallda atá ag dalladh
a n-aignidh agus ag congbháil an t-soluis amach, do chaitheamh
i n-áirde, agus ní'l aon nidh chomh maith, ní'l aon nídh chor
ar bith dhibreochas an sgamal sin acht an teanga - an
úirlis gheall Dia dhúinn ar dtús agus cheap Sé chun sinn
féin do stiúrughadh, ní hamháin ins an saoghal seo acht
i mbealach ar leasa thasbaint dúinn san saoghal eile.



Sí an Ghaedhilg an t-aon eochair amháin fhoisgleóchas
an glas atá ar dhoras an aignidh Ghaedhealaigh.



Ní'l sé ceart ná cóir, acht tá sé mí-nádurtha
féachaint leis an nglas d'fhosgailt le spúnóig nó le
sgin - ná le haon rud eile - mar nuair fhéachfar leis,
ní féidir a dhéanamh agus fá dheireadh is fá dhó fáighthear
an tuagh nó ag t-ord agus bristear an glas.



Bristear an aigneadh Gaedhealach ar an gcuma
chéadna. Táthar dá dhéanamh ins na sgoileannaibh le
trí bliadhnaibh agus trí fichid.



Tugann an t-athair agus an mháthair an chéad bhuille agus an
dara bhuille do'n ord do'n aigneadh nuair labhreann
siad Béarla - is cuma olc nó maith é - le n-a gcuid
cloinne an ionad Teangadh na tíre.



Tugtar buille eile ins na sgoileannaibh dhi nuair
fhéachtar le páisdíbh do mhúineadh tré theangaidh nach
dtuigeann siad.



An glór nach dtuigeann an ceann is cuma é bheith
ann nó as. Sin seanfhocal agus ní féidir é shárughadh.



Tá an iomad Náisiún agus Ríoghacht san domhan agus ní'l
aon cheann aca leigfeadh an obair seo air aghaidh chomh
fada is bheitheá ag dúnadh do dhá shúil, nó ag caitheamh
gal tobac, acht amháin bodaigh agus claidhrí na hÉireann -
mar ní rud ar bith eile sinn acht spriosáin gan mhaith,
gan mhaoin, gan croidhe, gan anam, gan misneach.



Caithfear an fhírinne innseacht siúd is gur minic
bhíonn sí searbh. Bhíomar ró-fhada dá moladh féin,
ag rádh gur sinne na daoine is fearr ó Neamh anuas.



A chailíní agus a bhuachaillí óga, má choinnigheann sibh
oraibh níos faide tuitfidh sibh leis an aill, agus déanfar
smidiríní dhíbh ar an urlár Ghallda. Stracaidh an púicín
ó nbhur gceann go tapaidh go mbeidh a fhios agaibh cá
bhfuil sibh ag dul.



Sgaoilidh isteach an solus; labhraidh an teanga má
tá sí agaibh; ceannuighidh na leabhairíní beaga agus nuair
dhéanas sibh sin - coinnighidh ar an obair go dílis agus go
duthrachtach. Ná caithidh suas dí tar éis beagáinín
aimsire agus na habraidh go bhfuil sí deacair.



Féach le beagán nó mórán do phiocadh suas gach lá.
Má ghnidheann sibh sin creid mise ann go n-imtheóchaidh
an sgamal d'bhur súilibh agus 'na ionad tiocfaidh an solus
isteach agus lasfaidh sé suas an aigneadh áluinn cheap Dia
dhúinn seachas aon mhuintir eile san domhan.



Ní'l aon fhocal do'n teangaidh chuirfidh sibh isteach i
nbhur gceann nach n-aireóchaidh sibh agus nach ndéarfaidh sibh
libh féin go bhfuil sibh níos fearr as a ucht. Tiocfaidh
críostamhlacht agus fearamhlacht isteach le gach focal.
Meadóchaidh an mheabhair chinn. Cuirfidh sí misneach agus
muinighin ionnaibh.



Ní bheidh náire ná sgáth ná faitchíos oraibh seasamh
suas os comhair an domhain mhóir mar Pheadar Óg Ua
hAnnracháin, an Demostuine Gaedhealach, mar beidh
rud éigin lé rádh agaibh, agus ní bheidh easba focal oraibh
le n-a gcur i gcionn.


L. 611


Ní'l aon fhocal do'n teangaidh thiubharamuid thar
n-ais nach bhfuilmíd ag tógáil claidhe láidir agus fál árd
idir sinn féin agus spioraid ghallda agus ag tarraingt
Éireann níos faide ó Shasana agus níos goire do lá na
saoirse - mar is í an teanga agus an teanga amháin 'bun
agus riléar na



SAOIRSE



Dallamullóg is the name used in Connacht for a
disease in the eyes of sheep. It spreads across the eye
and makes them blind after some time. Fonnmhar,
glad. Shéanadar — i.e., kept the knowledge of Irish
from them. Murchadh, “Without Murrough or Manus”
&c., a reproach to your credit. Bheimís níos fearr as,
we would be better off. Tearsach (táirseach), threshold.
Gaigeamhlacht, caddishness. Baileach, fully, hardly.
Urlabhra, speech, talk. Mí-nádurtha, against nature.
Fá dheireadh 's fá dhó (dheoidh), at long last. Glór
talk, sound. Go dílis & go duthrachtach, loyally and
zealously. As a ucht, on account of it.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services