Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear D'á mbiadh fonn orainn sgríobhadh ar chúrsaidhe eile an tsaoghail ní leigfeadh gníomha gaisge na mBórach dúinn é. Tá sé chómh deacair siolla beag fírinne do tharraing as Sheaghan, le fiacal reamhar fholláin do stracadh amach as chorrán fir láidir. Mar sin féin má bhaintear giota beag as a chuid sgéalta ar an gcogadh agus an giota beag so do chur taobh le taobh le blúire beag as tuairisg eile chífear go bhfuil Seaghan ag meathadh ins an Aifric theas. Nách mór an iongnadh é sin d'éis a chuid gleóigh agus gaoithe, a chuid dóighteáin agus creachadh, a chuid cosgairt agus éirligh. Tá Roberts ag teacht abhaile, agus ní fhuil a earball go buacach 'san aer mar do bhíodh sé. Is éigean dó éalughadh leis ins an oidhche síos thríd an Natál, gidh gur leigeadar ortha do ngeobhadh sé síos thríd an Saor Stát agus tre Thír na Rinne gan spleádhachas do na Bóraigh atá ar a thí ins na críochaibh úd. Cloisim go bhfuil an fear séimh sin Citsiner mar thaoiseach ar na Sasanaigh thall i n-ionad Roberts, agus deir Seaghán ná beithfear chómh bog leis na Bóracha feasda agus do bhítheas. Tá go breágh. Thug Citsiner fógra do thuarasgóirí na bpáipéar glanadh abhaile láithreach, mar tá bearta feill le bheith 'gá n-imirt feasda thall. Ní gábhadh dhó bheith chómh rúnach folaightheach sain, ní bhfuighfidhe locht air i Sasana d'á mhéid sgórnacha do gheárrfadh sé. Nach beart mar é sin do theasduigheann uainn. Támuid creachda ó'n gcogadh, agus céad míle fear, agus na theannta san an saoghal ag magadh fúinn. Níor ghéill na saighdiúirí do na Bóraigh ag Hoopstad go raibh a gcuid piléar go léir caithte aca. Leigimíd orainn go gcreidimíd an saghas sain sgéil acht chuala- mar chómh minic a leithéid cheana gur chóir go mbiadh náire orainn a leithéid d'aithris. Féach an dream so ag gabháil síos an Saor Stát ar lár na hoidhche. Deirthear go raibh an uain fiadhain le tóirneach agus splanc. Marcaigh fhéasógach is eadh iad agus tá sgáil na marcach 'gá caitheamh abhus agus tall le solus na splanc. Tá fear caol ard ar tosach, fear an-dhathamhail, súile aige chómh dubh le sméar, agus féasóg fhada, mhín, go crios air. Is é an tUachdarán Stein é, fear tar fhearaibh. Is iomdha púnt agus fear do chaill Seaghán ag iarraidh breith air; agus an fear eile fuinte seo le n-a chois, na súla géara dúbha sain aige, an fhéasóg ghoirid agus an bhéal dúnta docht; De Bhet is sloinneadh dhó. Buail iad a Aoidh Ruaidh. Dúisighidh a Shasanacha ag Debhets- dorp; táthar chugaibh. Éistidh le liugha an ghunna mhóir sin le bána an laé. Throideadar le hAodh Ruadh ar feadh trí lá adeirthear, acht ba bheag an mhaitheas é. Thóg seisean leis ós cionn cheithre chéad aca agus shín sé an chuid eile aca. Táthar ag cómhrac leis an laoch so ar feadh seachtmhaine gan tairbhe. Tá sé i gcumhangach againn fá dheireadh adeir Paget le n-a dha fhichead míle fear. Filleann Aodh Ruadh éadach ar rothaibh a thrucaillí. Ní chloiseann Paget gíog, do thabharfadh sé an leabhar go raibh Aodh Ruadh annso ó chianaibh acht do shúighidh an talamh é. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services