Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



D'á mbiadh fonn orainn sgríobhadh ar chúrsaidhe eile
an tsaoghail ní leigfeadh gníomha gaisge na mBórach
dúinn é. Tá sé chómh deacair siolla beag fírinne do
tharraing as Sheaghan, le fiacal reamhar fholláin do
stracadh amach as chorrán fir láidir. Mar sin féin má
bhaintear giota beag as a chuid sgéalta ar an gcogadh
agus an giota beag so do chur taobh le taobh le blúire
beag as tuairisg eile chífear go bhfuil Seaghan ag
meathadh ins an Aifric theas. Nách mór an iongnadh é
sin d'éis a chuid gleóigh agus gaoithe, a chuid dóighteáin
agus creachadh, a chuid cosgairt agus éirligh.



Tá Roberts ag teacht abhaile, agus ní fhuil a earball go
buacach 'san aer mar do bhíodh sé. Is éigean dó
éalughadh leis ins an oidhche síos thríd an Natál, gidh
gur leigeadar ortha do ngeobhadh sé síos thríd an Saor
Stát agus tre Thír na Rinne gan spleádhachas do na Bóraigh
atá ar a thí ins na críochaibh úd. Cloisim go bhfuil an
fear séimh sin Citsiner mar thaoiseach ar na Sasanaigh
thall i n-ionad Roberts, agus deir Seaghán ná beithfear chómh
bog leis na Bóracha feasda agus do bhítheas. Tá go breágh.
Thug Citsiner fógra do thuarasgóirí na bpáipéar
glanadh abhaile láithreach, mar tá bearta feill le bheith
'gá n-imirt feasda thall. Ní gábhadh dhó bheith chómh
rúnach folaightheach sain, ní bhfuighfidhe locht air i Sasana
d'á mhéid sgórnacha do gheárrfadh sé. Nach beart mar
é sin do theasduigheann uainn. Támuid creachda ó'n
gcogadh, agus céad míle fear, agus na theannta san an saoghal
ag magadh fúinn.



Níor ghéill na saighdiúirí do na Bóraigh ag Hoopstad
go raibh a gcuid piléar go léir caithte aca. Leigimíd
orainn go gcreidimíd an saghas sain sgéil acht chuala-
mar chómh minic a leithéid cheana gur chóir go mbiadh
náire orainn a leithéid d'aithris. Féach an dream so
ag gabháil síos an Saor Stát ar lár na hoidhche.
Deirthear go raibh an uain fiadhain le tóirneach agus
splanc. Marcaigh fhéasógach is eadh iad agus tá sgáil na
marcach 'gá caitheamh abhus agus tall le solus na splanc.
Tá fear caol ard ar tosach, fear an-dhathamhail, súile
aige chómh dubh le sméar, agus féasóg fhada, mhín, go crios
air. Is é an tUachdarán Stein é, fear tar fhearaibh.
Is iomdha púnt agus fear do chaill Seaghán ag iarraidh
breith air; agus an fear eile fuinte seo le n-a chois, na
súla géara dúbha sain aige, an fhéasóg ghoirid agus an
bhéal dúnta docht; De Bhet is sloinneadh dhó. Buail
iad a Aoidh Ruaidh. Dúisighidh a Shasanacha ag Debhets-
dorp; táthar chugaibh. Éistidh le liugha an ghunna mhóir
sin le bána an laé. Throideadar le hAodh Ruadh ar
feadh trí lá adeirthear, acht ba bheag an mhaitheas é. Thóg
seisean leis ós cionn cheithre chéad aca agus shín sé an
chuid eile aca. Táthar ag cómhrac leis an laoch so ar
feadh seachtmhaine gan tairbhe. Tá sé i gcumhangach
againn fá dheireadh adeir Paget le n-a dha fhichead
míle fear. Filleann Aodh Ruadh éadach ar rothaibh a
thrucaillí. Ní chloiseann Paget gíog, do thabharfadh
sé an leabhar go raibh Aodh Ruadh annso ó chianaibh acht
do shúighidh an talamh é.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services