Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Anois an t-Am
Title
Anois an t-Am
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Mí Nodhlag 1, 1900 ANOIS AN T-AM Tá a fhios ag an saoghal gur daoine sinn atá an- cheanamhail ar chaint bhreagh bhlasda árd-thorannaigh do chleachtadh. Is maith le urmhór againn glór do sprea- gadh pé olc maith é, agus is ró-mhaith linn bheith ag éisteacht le glór. Ní loirgimíd an chiall ba cheart do bheith ann, agus gur minic ná fuil ann. Corruighthear ar gcuis- leanna agus tógthar ar gcroidhthe ar feadh tamaill, acht ní túisge théidhmíd abhaile ná déanaimíd dearmad ar gach nídh dá gcualamar. Má thugtar comhairle mhaith ar leasa dhúinn, deirimíd gur maith í, acht nuair thagann am an ghnímh do dhéanamh, ní dhéantar an gníomh. Má tá éin-nídh seachas a chéile go mbadh ceart dúinn fuath ar gcroidhe do thabhairt dó, is é an teanga liom leó é. Tá sé d'ar milleadh agus d'ar dtraochadh. B'fhearr liom éin-fhear amháin do-ghéanadh gníomh dá laighead tairbhe, ná míle fear ghliogair aoird do spreagadh. Cuirimís i gcás an cheist seo na sgoluidheachta. Nach mór an gleó agus an obair atá déanta ag Connradh na Gaedhilge le tamall dá chur i n-umhail do mhuintir na hÉireann go bhfuil an sgoluidheacht Ghallda so ag fagháil greama orra go tiugh, agus dá dtachtadh ar a suaimhneas a gan fhios dóibh féin? Ná dubhairt an Connradh go rabhthas d'ar nGallughadh ar láin-dícheall; go raibh baoghal báis ar bhéasaibh glana, agus ar theangaidh, agus ar aigneadh ghasda na nGaedheal; ná raibh stair na tíre dá múineadh ins na sgoileannaibh; go rabhamar ag dul i ndearmad ar ar sinsearacht; nár chuir an Conn- radh na rudaí sin go léir ós comhair muintire na h-Éireann? Agus cad dubhairt muintir na h-Éireann? Dubhradar go raibh an ceart ag an gConnradh; go gcaithfear stad de'n Ghallughadh; go gcaithfear an Bórd Sgoluidheachta do lúbadh dár réir-ne; go gcaith- fear stair na h-Éireann agus teanga na hÉireann do chur dá muineadh i sgolaibh na hÉireann. Seadh, máiseadh. Tá an Bord Sgoluidheachta tar éis géilleadh beagán. Ní féidir leó dul ró-fhada is dócha, de phréib, d'eagla an druinge thall. Is cuma dhúinne sain. Caithfidh siad an chuid eile thabhairt dúinn leis, mar is é ar gceart é, agus ní bhéimíd sásta ná ní stadfam d'acharann do dhéanamh leó go dtí go bhfuighmíd é. Acht an beagáinín beag atá againn, an ndéanfaimíd úsáid de? Inneósaidh mé cia an bhonntáiste atá faghálta againn. Tá cead ag gach Stiúrthóir Sgoile an Ghaedhilg do chur dá múineadh ins na sgolaibh fá n-a chúram pé uair de'n ló is maith leis féin, agus tá cead ag an Máighistir a múineadh do'n pháiste is lugha san sgoil. Íocfar an Máighistir aisti chomh maith agus íocfar é as sgríobhnóireacht no as léightheóireacht do mhúineadh. Ní bhfuighe sé luach saothair fá léith acht ar pháistibh de'n chúigeadh agus de'n séamhadh chéim gur mhúin sé Gaedhilg dóibh taobh amuigh d'aimsir oibre na sgoile. Tá leathnughadh na Gaedhilge i lámhaibh na Stiúrthóirí Sgoile agus na Máighistrí Sgoile. Is féidir leó í múineadh agus í chur dá múineadh i ngach slighe is maith leó féin, agus ní leómhthaidh an Bord briseadh isteach orra. Má theastuigheann ó na haithreachaibh agus ó na máithreachaibh an Ghaedhilg do bheith ag a gcloinn, cuiridís é sin i n-umhail do na Stiúrthóiríbh agus do na Máighistríbh, ar eagla go ndéanfaidís sin dearmad air. Anois am an ghnímh do dhéanamh, a cháirde. Is fearr Séamus ná bheith 'na éagmuis, agus go dtí go bhfuighmíd a bhfuil againn dá iarraidh, déanaimís úsáid de'n bhonntáiste bhig atá fághálta againn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services