Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Anois an t-Am

Title
Anois an t-Am
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Mí Nodhlag 1, 1900



ANOIS AN T-AM



Tá a fhios ag an saoghal gur daoine sinn atá an-
cheanamhail ar chaint bhreagh bhlasda árd-thorannaigh do
chleachtadh. Is maith le urmhór againn glór do sprea-
gadh pé olc maith é, agus is ró-mhaith linn bheith ag éisteacht
le glór. Ní loirgimíd an chiall ba cheart do bheith
ann, agus gur minic ná fuil ann. Corruighthear ar gcuis-
leanna agus tógthar ar gcroidhthe ar feadh tamaill, acht
ní túisge théidhmíd abhaile ná déanaimíd dearmad ar
gach nídh dá gcualamar. Má thugtar comhairle mhaith
ar leasa dhúinn, deirimíd gur maith í, acht nuair
thagann am an ghnímh do dhéanamh, ní dhéantar an gníomh.
Má tá éin-nídh seachas a chéile go mbadh ceart dúinn
fuath ar gcroidhe do thabhairt dó, is é an teanga liom
leó é. Tá sé d'ar milleadh agus d'ar dtraochadh. B'fhearr
liom éin-fhear amháin do-ghéanadh gníomh dá laighead
tairbhe, ná míle fear ghliogair aoird do spreagadh.



Cuirimís i gcás an cheist seo na sgoluidheachta.
Nach mór an gleó agus an obair atá déanta ag Connradh
na Gaedhilge le tamall dá chur i n-umhail do mhuintir
na hÉireann go bhfuil an sgoluidheacht Ghallda so ag
fagháil greama orra go tiugh, agus dá dtachtadh ar a
suaimhneas a gan fhios dóibh féin? Ná dubhairt an
Connradh go rabhthas d'ar nGallughadh ar láin-dícheall;
go raibh baoghal báis ar bhéasaibh glana, agus ar theangaidh,
agus ar aigneadh ghasda na nGaedheal; ná raibh stair na
tíre dá múineadh ins na sgoileannaibh; go rabhamar ag
dul i ndearmad ar ar sinsearacht; nár chuir an Conn-
radh na rudaí sin go léir ós comhair muintire na
h-Éireann? Agus cad dubhairt muintir na h-Éireann?



Dubhradar go raibh an ceart ag an gConnradh; go
gcaithfear stad de'n Ghallughadh; go gcaithfear an
Bórd Sgoluidheachta do lúbadh dár réir-ne; go gcaith-
fear stair na h-Éireann agus teanga na hÉireann do chur
dá muineadh i sgolaibh na hÉireann.



Seadh, máiseadh. Tá an Bord Sgoluidheachta tar
éis géilleadh beagán. Ní féidir leó dul ró-fhada is
dócha, de phréib, d'eagla an druinge thall. Is cuma
dhúinne sain. Caithfidh siad an chuid eile thabhairt
dúinn leis, mar is é ar gceart é, agus ní bhéimíd sásta
ná ní stadfam d'acharann do dhéanamh leó go dtí go
bhfuighmíd é. Acht an beagáinín beag atá againn, an
ndéanfaimíd úsáid de?



Inneósaidh mé cia an bhonntáiste atá faghálta againn.
Tá cead ag gach Stiúrthóir Sgoile an Ghaedhilg do chur
dá múineadh ins na sgolaibh fá n-a chúram pé uair de'n
ló is maith leis féin, agus tá cead ag an Máighistir a
múineadh do'n pháiste is lugha san sgoil. Íocfar an
Máighistir aisti chomh maith agus íocfar é as sgríobhnóireacht
no as léightheóireacht do mhúineadh. Ní bhfuighe sé luach
saothair fá léith acht ar pháistibh de'n chúigeadh agus de'n
séamhadh chéim gur mhúin sé Gaedhilg dóibh taobh amuigh
d'aimsir oibre na sgoile.



Tá leathnughadh na Gaedhilge i lámhaibh na Stiúrthóirí
Sgoile agus na Máighistrí Sgoile. Is féidir leó í múineadh
agus í chur dá múineadh i ngach slighe is maith leó féin, agus
ní leómhthaidh an Bord briseadh isteach orra. Má
theastuigheann ó na haithreachaibh agus ó na máithreachaibh
an Ghaedhilg do bheith ag a gcloinn, cuiridís é sin
i n-umhail do na Stiúrthóiríbh agus do na Máighistríbh, ar
eagla go ndéanfaidís sin dearmad air. Anois am
an ghnímh do dhéanamh, a cháirde. Is fearr Séamus ná
bheith 'na éagmuis, agus go dtí go bhfuighmíd a bhfuil againn
dá iarraidh, déanaimís úsáid de'n bhonntáiste bhig atá
fághálta againn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services