Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Chun Fir Eagair an Chlaidhimh - Litriughadh na Gaedhilge
Title
Chun Fir Eagair an Chlaidhimh - Litriughadh na Gaedhilge
Author(s)
Ua Dubhghaill, S. S.,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Chun Fir Eagair an Chlaidhimh Litriughadh na Gaedhilge A Dhuine Uasail, - Acht go bhfuilim an-ghnóthach ba mhaith liom sgrí' chughat mar gheall air litir Thomáis Uí Ónáin. Is dóigh liom gur Muimhneach é air mo nós féin. Táim-se a labhairt Gaedhilge le dacadh bliadhain, agus d'á sgríobhadh le cúig mbliadhna fichead, agus 'na dhiaidh sin ba dheacair dhom litir Thomáis a léigheadh ins a Ghaedhilg "cheartuighthe." Anois má ba dheacair domh-sa é seo a dhéanamh ca'nos mar a bheidh an sgeul aig an Ultach go bhfuil blas eile air a theangain? Mar dheimhniughadh air seo, d'iarras air Ultach an litir a léigheadh. Thug sé iarracht air, acht chaith sé stad. Is beag an t-iongnadh é. Ní deir Ultach "Smionav" acht "smuite." Ní deir an Muimh- neach é. "Smuíneabh" adeir sé. Ní deireann duine air bith é "'na diona" an áit daoine. Is fíor go ndeireann an Muimhneach "leitir" i n-ionad "litir" acht ní mar sin do'n Ultach. Deir an fear ó Chiarraighe "túir" i n-áit "tabhair" acht is tóir é i mbeul an Ultaigh. Ní mar a chéile "cuimhin," "deimhin," "deimh- eas," tá "mh" ciúin i gCúige Mumhan. I nUladh tá sí air nós "v" i mBéarla.
Cuirimis focal beag eile air an mbórd. Casán = Chuirfeadh Tomás síos "cussawn" acht sé deirthear i nDún-na-nGall "cossan." Do b'fhéidir dhom leanamhaint mar seo chun go mbeidheadh do pháipeur lán. Sé deirim le Tomás - Lean an sean-bhóthar. B'fhéidir gur ceart é dhíriughadh i n-áit anso agus ansúd acht ná dearmad an sean-fhocal - "Cam no díreach an ród, 'sé an bóthar mór a' t-aith- giorra." S. S. Ua Dubhghaill Doire 11/11/1900 Bhí an litir seo sgrí'te agam sul a chonnac d'fhreagra. Dá bhfeicinn an fhreagra ní beidin a sgrí' acht mar sin féin b'fhéidir gur bhfiú leat mo litir a cur a gcló.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services