Chun Fir Eagair an Chlaidhimh
Litriughadh na Gaedhilge
A Dhuine Uasail, - Acht go bhfuilim an-ghnóthach ba
mhaith liom sgrí' chughat mar gheall air litir Thomáis Uí
Ónáin. Is dóigh liom gur Muimhneach é air mo nós
féin. Táim-se a labhairt Gaedhilge le dacadh bliadhain,
agus d'á sgríobhadh le cúig mbliadhna fichead, agus 'na dhiaidh
sin ba dheacair dhom litir Thomáis a léigheadh ins a
Ghaedhilg "cheartuighthe."
Anois má ba dheacair domh-sa é seo a dhéanamh ca'nos
mar a bheidh an sgeul aig an Ultach go bhfuil blas eile
air a theangain? Mar dheimhniughadh air seo, d'iarras
air Ultach an litir a léigheadh. Thug sé iarracht air,
acht chaith sé stad. Is beag an t-iongnadh é. Ní deir
Ultach "Smionav" acht "smuite." Ní deir an Muimh-
neach é. "Smuíneabh" adeir sé. Ní deireann duine
air bith é "'na diona" an áit daoine. Is fíor go
ndeireann an Muimhneach "leitir" i n-ionad "litir"
acht ní mar sin do'n Ultach. Deir an fear ó Chiarraighe
"túir" i n-áit "tabhair" acht is tóir é i mbeul an
Ultaigh. Ní mar a chéile "cuimhin," "deimhin," "deimh-
eas," tá "mh" ciúin i gCúige Mumhan. I nUladh tá sí
air nós "v" i mBéarla.
Cuirimis focal beag eile air an mbórd. Casán =
Chuirfeadh Tomás síos "cussawn" acht sé deirthear i
nDún-na-nGall "cossan."
Do b'fhéidir dhom leanamhaint mar seo chun go
mbeidheadh do pháipeur lán.
Sé deirim le Tomás - Lean an sean-bhóthar.
B'fhéidir gur ceart é dhíriughadh i n-áit anso agus ansúd
acht ná dearmad an sean-fhocal -
"Cam no díreach an ród, 'sé an bóthar mór a' t-aith-
giorra."
S. S. Ua Dubhghaill
Doire 11/11/1900
Bhí an litir seo sgrí'te agam sul a chonnac d'fhreagra.
Dá bhfeicinn an fhreagra ní beidin a sgrí' acht mar sin
féin b'fhéidir gur bhfiú leat mo litir a cur a gcló.