Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feirmeoireacht
Title
Feirmeoireacht
Author(s)
An Feirmeoir Gaodhalach,
Pen Name
An Feirmeoir Gaodhalach
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Feirmeoireacht Tá préamhacha agus duilleabhar ar gac planda d'fhásann. Tá préamhacha ar chum go sughfadh sé a bhiadh suas as an dtalamh agus is éigin an biadh so bheith ins an tslighe gur féidir é shughadh - sé sin a bheith lobhtha agus leaghta le h-úireacht an talamh agus sin é an chúis go bhfuil sé riach- tanach an talamh bheith úr. Tugann an t-aer leis cungnamh do'n uisge. Tá nidhthe eile measgtha ins an aer agus gan a gcungnamh-san ní féidir do'n uisge an obair go léir do dhéanamh - biadh na mbarraí do leaghadh i gceart. Mar sin is fearrde an talamh a shaothrughadh mar tugtar cothrom do'n uisge agus do'n aer chum a gcuid féin de'n obair do dhéanamh. Aontuighe Bhí roinnt mhaith stuic ag aonach Atha-Fhirdia an mí so agus bhí a lán ceannuightheoirí ann. Bhidheadar an- ghnóthach ag ceannach gac aon tsaghais beithidigh. Go mór mór bá tórmaigh. Tugadar sé púint deag deich go dtí fiche púnt ceann ortha agus dhá phúnt deag deich go cheithre phúint deag an ceann ar thuilleadh aca. Bhí cuid oireamhnach do mhucaibh reamhra ann. Do ceann- uighead muca éadtroma chum bagúin ar cheathair agus [da]{dá] fhíchid go dtí sé agus da fhichid an céad; muca an-reamhra da fhichid go dtí dó agus da fhichid an céad; céise ar ocht fichead go dtí trí déag ar fhichid an ceann; agus banbhai sé scillinge déag go dtí dó fichead an ceann. Bhí an-aonach le feabhas i gCaisleánchomer an mi so, rud dob' annamh leis. Bhí an t-uathbhás stuic ann agus ceannuightheoirí ó gach áird. Bhí luach maith ar gach saghas stuic. Do díoladh loluigheacha ar cheithre phuint déag deich go dtí ocht bpúint deag deich an ceann; gamhnacha deich bpúint go dtí dhá phúnt déag an ceann agus ba tórmaigh cúig phúint déag go fiche púnt an ceann. Beidh aonach uair 'sa' mhí ann as so amach, agus tá gach aon deallramh go mbeidh sé ar na h-aontaighibh is fearr ins an Chontae cheadna. An Feirmeoir Gaodhalach úr, moist; úireacht, moisture
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services