Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Paróisteachas
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Paróisteachas
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Paróisteachas Casadh gleoicín orm aréir agus dubhairt sé liom go raibh an iomarca de'n pharóisteachas i nÉirinn. Do chuir an rádh sain ag machtnamh me, agus ba mhaith liom toradh mo smaointe do chur os chomhair lucht na Gaedhilge. Tá paróisteachas agus paróisteachas ann. Má chastar beirt ar a chéile i sráid bhaile no ar aonach, duine aca ó Bhaile na nAmad agus an duine eile ó Bhaile na nÓin- seach, bíd ag caint ar feadh tamaill, agus annsain téidhid isteach i dtigh tábhairne. Tar éis tamaill nuair bhíd ag éirghe súgach tosuigheann duine aca ag moladh feabhas agus áilneacht a pharóiste-se. Téidheann an fear eile ag iomaidh leis ag moladh a pharóiste féin. Bíd fuinseóga fada díreacha ag fás i mBaile na nAmad, agus crainn ubhall ag claonadh le torthaibh ag fás i mBaile na nÓinseach. Bíd ag ól feadh na haimsire agus i ndeir- eadh na mbeart, deireann an fear ó Bhaile na nAmad ná bíonnn 'na gcomhnuidhe i mBaile na nÓinseach acht óinseacha, agus nár mhisde an t-ainm do chur ar an áit. Annsain deireann an fear eile ná fuil i mBaile na nAmad acht amadáin ar fad, agus guidheann ádh le pé duine cheap ainm na háite sin. Annsain buailid a chéile, sgréachaid, tugaid easgainí agus iomchuirid iad féin mar bheithidhigh. Ní hé siúd an paróisteachas atá im' aigne-se. Is maith liom gach éan-duine ag moladh a pharóiste féin, acht ní maith liom é ag bruighin le comhursain ar a son. Is sia théidheann an ciuineas agus an mheasardhact ná an bhuirbe agus an bladhmann. Is maith liom paróiste ag iomaidh le gach paróiste timcheall uirre chomh fada is téidheann a ngnó i dtairbhe do'n tír uile. Caithfidh muintir gach paróiste teacht i gceann a chéile do dhéanamh chomhairle. Pé chomhairle ghlacaid bídís dílis di, agus leanaidís í. Pé obair do chuirid rómpa do dhéanamh, déánaidís i. Bídís aonta. Cuiridís airgead ann, agus ná fágaidís i dtigh an tábhairne é. Seachnaidís fear an árd-ghlóir agus an té gheallann na huirc is na hairc dóibh acht bheith dá réir-sean. Ná bíodh éan- mhuinighin aca as éan-duine acht amháin asta féin. Bídis i gcomhnuidhe ag smaoineamh ar cionnus clú na paróiste d'árdach; cionnus na buachaillí óga agus na cailíní óga do choimeád ag baile, agus gan a leigean thar sáile; agus a leithéidí as an smaoineamh is eadh thiocfaidh an gníomh. Sin é an paróisteachas do mholaim-se. Fágaim fá éan-duine a rádh an bhfuil sain coitcheanta i nÉirinn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services