Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Paróisteachas

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Paróisteachas
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Paróisteachas



Casadh gleoicín orm aréir agus dubhairt sé liom go
raibh an iomarca de'n pharóisteachas i nÉirinn. Do
chuir an rádh sain ag machtnamh me, agus ba mhaith liom
toradh mo smaointe do chur os chomhair lucht na
Gaedhilge.



Tá paróisteachas agus paróisteachas ann. Má chastar
beirt ar a chéile i sráid bhaile no ar aonach, duine aca
ó Bhaile na nAmad agus an duine eile ó Bhaile na nÓin-
seach, bíd ag caint ar feadh tamaill, agus annsain téidhid
isteach i dtigh tábhairne. Tar éis tamaill nuair bhíd
ag éirghe súgach tosuigheann duine aca ag moladh
feabhas agus áilneacht a pharóiste-se. Téidheann an fear
eile ag iomaidh leis ag moladh a pharóiste féin. Bíd
fuinseóga fada díreacha ag fás i mBaile na nAmad,
agus crainn ubhall ag claonadh le torthaibh ag fás i mBaile
na nÓinseach. Bíd ag ól feadh na haimsire agus i ndeir-
eadh na mbeart, deireann an fear ó Bhaile na nAmad
ná bíonnn 'na gcomhnuidhe i mBaile na nÓinseach acht
óinseacha, agus nár mhisde an t-ainm do chur ar an áit.
Annsain deireann an fear eile ná fuil i mBaile na
nAmad acht amadáin ar fad, agus guidheann ádh le pé
duine cheap ainm na háite sin. Annsain buailid a
chéile, sgréachaid, tugaid easgainí agus iomchuirid iad féin
mar bheithidhigh.



Ní hé siúd an paróisteachas atá im' aigne-se. Is
maith liom gach éan-duine ag moladh a pharóiste féin,
acht ní maith liom é ag bruighin le comhursain ar a son.
Is sia théidheann an ciuineas agus an mheasardhact ná an
bhuirbe agus an bladhmann. Is maith liom paróiste ag
iomaidh le gach paróiste timcheall uirre chomh fada is
téidheann a ngnó i dtairbhe do'n tír uile. Caithfidh
muintir gach paróiste teacht i gceann a chéile do
dhéanamh chomhairle. Pé chomhairle ghlacaid bídís dílis
di, agus leanaidís í. Pé obair do chuirid rómpa do
dhéanamh, déánaidís i. Bídís aonta. Cuiridís airgead
ann, agus ná fágaidís i dtigh an tábhairne é. Seachnaidís
fear an árd-ghlóir agus an té gheallann na huirc is na
hairc dóibh acht bheith dá réir-sean. Ná bíodh éan-
mhuinighin aca as éan-duine acht amháin asta féin.
Bídis i gcomhnuidhe ag smaoineamh ar cionnus clú na
paróiste d'árdach; cionnus na buachaillí óga agus na
cailíní óga do choimeád ag baile, agus gan a leigean thar
sáile; agus a leithéidí as an smaoineamh is eadh thiocfaidh an
gníomh.



Sin é an paróisteachas do mholaim-se. Fágaim fá
éan-duine a rádh an bhfuil sain coitcheanta i nÉirinn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services