Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Demostuine Gaedhealach
Title
An Demostuine Gaedhealach
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Demostuine Gaedhealach Tá míle agus céad nídh chaill Éire agus chaith sí le fánaidh le linn a teangaidh thabhairt suas. Nuair chaitheamar drochmheas agus masla salach, grána ar an mhuintir chuaidh romhainn, ar na fearaibh agus na mnáibh nár bhfiú sinne bheith mar ghiollaibh aca le iallachaibh i mbróg fhosgailt ná a gceangal, chailleamar a gcuid déantúisí, chaitheamar anonn go Sasanna no chuireamar ar gcuid airgid ann le ciomachaibh brocacha, bréana, suaracha cheannach le n-ar gcroiceann do chlú- dughadh - mar nuair chuadhamar ann ag iarraidh teangadh iasachta - ar lorg na teangadh Gallda le n-a gcuid smaointe, ar ngrádh agus ar ndóchas do chlúdughadh innte tá sé ag luighe le réasún agus le nádúr go raghadh sinn ann ag iarraidh éadach iasachta le n-ar gcolainn a chlúdughadh mar an gcéadna - mar cé an chaoi bhféadfadh olann d'fhásfadh ar dhruim chaoirigh annso i dtír ghlais na hÉireann éadach do dhéanamh leis an olann bhí air chaoire thall ar thalamh Sheagháin Bhuidhe. Ar n-amhráin agus ar gceól do chaitheamar uainn - mar go déimhin ní'l "An Maidrín Ruadh" ná "Bán-chnoc Éireann ó" ná "An Goirtín Eórnan," ná "An Spailpín Fánach" ná míle ceann Gaedhleach eile mar iad, leath chomh maith le cinn dheasa Béarla mar "Ta-ra-ra boom de ay" cuir i gcás, nó "The man that broke the bank at Monte Carlo," nó "Chippy, get your hair cut," nó "A little bit off the top," nó "Over the garden wall," agus a leithéide bhíonn dá seinnim agus dá ngabháil ag scraistíbh fir ag cacairíbh agus ag bodairí mí-mhúinte agus ag mnáibh coiteanta agus ag gach mnaoi eile dá olcas i Londain Shasana. Ní raibh sé chomh "deas" na chomh "gleoidhte" ná chomh "galánta" "go mbeannuighidh Dia dhuit" a rádh agus a fhreagairt le, "go mbeannuighidh Dia agus Muire dhuit" le "good morrow, yer honour" nó "how do do" mar dhéanann gaigí agus pimps Sheagháin an tairbh. Agus ar ndóigh ní bheadh an teanga tá dá labhairt ag na míltibh maighdean agus naoimh agus manaigh atá shuas ins na flaithis a' dearcadh anuas orrainn - chomh "h-uasal" na chomh "deas" le gnúsacht sgriosadóirí na tíre? Ní clóchadh an liathróid chos ná an camán a gcuid cnámha ná ní bheadh sé chomh "galánta" ná chomh duine- amhail le "baseball," "lawn tennis" agus "hockey". Támuid chomh práinneach agus chomh measamhail ar Sheaghán gur fearr linn a chuid leathair chur fá n-ar gcosaibh, a chuid birréad (hataí) chur ar ar gceannaibh Gallda (mar is mó Gallda na Gaedhealach tá siad anois.) Is fearr linn bríste agus casóg agus léine chadáis dhéantar thall i Manchester chur ar ar gcolainn shuaraigh ná aon rud déantar i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirsde ná i gCorcaigh. Tá an oiread sin de chion againn ar shliocht Bheittí gur fearr linn maireachtaint ar phrátaidhe agus salann agus braoinín tae agus blúirín aráin tirm sinn féin, agus muic- fheóil, caoir-fheóil, mairt-fheóil agus gach nídh eile dá fheabhas chur i mbolg Sheagháin Bhuidhe agus a mhuintir, mar 'sé sin go díreach támuid á dhéanamh gach maidin agus tráthnóna agus gach am eile cheannuighmíd aon rud déantar i Sasana. Ní'l aon mheas againn ar na rudaibh dhéantar annso i nÉirinn. Caithimíd a leath-taobh earraidhe Gaedheal- acha dhéantar 'n-ar dtír féin le lámhaibh Gaedhealacha. An d-tiocfaidh ciall dúinn go deó? nó an gcoinneó- muid orainn déanamh na hoibre seo, deunadh an dí- chiallacht agus an mí-ádh seo go lá Philib a Chleite? Nuair bhuailtear buille do dhorn san leicean deas orrainn - iompuighmíd an taobh clí go dtiubharaidh an buailteóir buille eile do mhaide draighin nó do shúiste orainn faoi bhun na cluaise clí. Chailleamar ar maoin agus ar gcuid talmhan; chaillea- mar grádh ar na daoinibh chuaidh romhainn; chaileamar ar meas orrain féin, agus bíonn náire air chuid againn i dtaobh an athar agus na máthar d'oil sinn. Chailleamar an iomad don chríostamhlacht bhí ionainn. Chailleamar beag-nach an chóirteacht agus an flaitheamhacht agus an fáilte bhí againn. Chailleamar ar neart agus ar spreach corpordha mar an gcéadna, mar ní'l aon mhaith é shéanadh ná ar shúile dhúnadh air gach dream dá dtagann is ag dul i mineacht agus i mbréagacht tá siad. Chailleamar an chlú agus an cháil bhí againn le léigheann agus le foghluim. (ní críoch)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services