An Demostuine Gaedhealach
Tá míle agus céad nídh chaill Éire agus chaith sí le fánaidh
le linn a teangaidh thabhairt suas.
Nuair chaitheamar drochmheas agus masla salach, grána
ar an mhuintir chuaidh romhainn, ar na fearaibh agus na
mnáibh nár bhfiú sinne bheith mar ghiollaibh aca le
iallachaibh i mbróg fhosgailt ná a gceangal, chailleamar
a gcuid déantúisí, chaitheamar anonn go Sasanna no
chuireamar ar gcuid airgid ann le ciomachaibh brocacha,
bréana, suaracha cheannach le n-ar gcroiceann do chlú-
dughadh - mar nuair chuadhamar ann ag iarraidh teangadh
iasachta - ar lorg na teangadh Gallda le n-a gcuid
smaointe, ar ngrádh agus ar ndóchas do chlúdughadh innte
tá sé ag luighe le réasún agus le nádúr go raghadh sinn
ann ag iarraidh éadach iasachta le n-ar gcolainn a
chlúdughadh mar an gcéadna - mar cé an chaoi bhféadfadh
olann d'fhásfadh ar dhruim chaoirigh annso i dtír ghlais
na hÉireann éadach do dhéanamh leis an olann bhí air
chaoire thall ar thalamh Sheagháin Bhuidhe.
Ar n-amhráin agus ar gceól do chaitheamar uainn - mar
go déimhin ní'l "An Maidrín Ruadh" ná "Bán-chnoc
Éireann ó" ná "An Goirtín Eórnan," ná "An Spailpín
Fánach" ná míle ceann Gaedhleach eile mar iad, leath
chomh maith le cinn dheasa Béarla mar "Ta-ra-ra boom
de ay" cuir i gcás, nó "The man that broke the
bank at Monte Carlo," nó "Chippy, get your hair
cut," nó "A little bit off the top," nó "Over the
garden wall," agus a leithéide bhíonn dá seinnim agus dá
ngabháil ag scraistíbh fir ag cacairíbh agus ag bodairí
mí-mhúinte agus ag mnáibh coiteanta agus ag gach mnaoi
eile dá olcas i Londain Shasana.
Ní raibh sé chomh "deas" na chomh "gleoidhte" ná
chomh "galánta" "go mbeannuighidh Dia dhuit" a rádh agus
a fhreagairt le, "go mbeannuighidh Dia agus Muire dhuit"
le "good morrow, yer honour" nó "how do do" mar
dhéanann gaigí agus pimps Sheagháin an tairbh.
Agus ar ndóigh ní bheadh an teanga tá dá labhairt ag
na míltibh maighdean agus naoimh agus manaigh atá shuas ins na
flaithis a' dearcadh anuas orrainn - chomh "h-uasal" na
chomh "deas" le gnúsacht sgriosadóirí na tíre?
Ní clóchadh an liathróid chos ná an camán a gcuid
cnámha ná ní bheadh sé chomh "galánta" ná chomh duine-
amhail le "baseball," "lawn tennis" agus "hockey".
Támuid chomh práinneach agus chomh measamhail ar
Sheaghán gur fearr linn a chuid leathair chur fá n-ar
gcosaibh, a chuid birréad (hataí) chur ar ar gceannaibh
Gallda (mar is mó Gallda na Gaedhealach tá siad
anois.)
Is fearr linn bríste agus casóg agus léine chadáis dhéantar
thall i Manchester chur ar ar gcolainn shuaraigh ná aon
rud déantar i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirsde
ná i gCorcaigh.
Tá an oiread sin de chion againn ar shliocht Bheittí
gur fearr linn maireachtaint ar phrátaidhe agus salann agus
braoinín tae agus blúirín aráin tirm sinn féin, agus muic-
fheóil, caoir-fheóil, mairt-fheóil agus gach nídh eile dá
fheabhas chur i mbolg Sheagháin Bhuidhe agus a mhuintir, mar
'sé sin go díreach támuid á dhéanamh gach maidin agus
tráthnóna agus gach am eile cheannuighmíd aon rud déantar
i Sasana.
Ní'l aon mheas againn ar na rudaibh dhéantar annso
i nÉirinn. Caithimíd a leath-taobh earraidhe Gaedheal-
acha dhéantar 'n-ar dtír féin le lámhaibh Gaedhealacha.
An d-tiocfaidh ciall dúinn go deó? nó an gcoinneó-
muid orainn déanamh na hoibre seo, deunadh an dí-
chiallacht agus an mí-ádh seo go lá Philib a Chleite?
Nuair bhuailtear buille do dhorn san leicean deas
orrainn - iompuighmíd an taobh clí go dtiubharaidh an
buailteóir buille eile do mhaide draighin nó do shúiste
orainn faoi bhun na cluaise clí.
Chailleamar ar maoin agus ar gcuid talmhan; chaillea-
mar grádh ar na daoinibh chuaidh romhainn; chaileamar
ar meas orrain féin, agus bíonn náire air chuid againn
i dtaobh an athar agus na máthar d'oil sinn.
Chailleamar an iomad don chríostamhlacht bhí ionainn.
Chailleamar beag-nach an chóirteacht agus an flaitheamhacht
agus an fáilte bhí againn. Chailleamar ar neart agus ar
spreach corpordha mar an gcéadna, mar ní'l aon mhaith
é shéanadh ná ar shúile dhúnadh air gach dream dá
dtagann is ag dul i mineacht agus i mbréagacht tá siad.
Chailleamar an chlú agus an cháil bhí againn le léigheann
agus le foghluim.
(ní críoch)