Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feirmeoireacht
Title
Feirmeoireacht
Author(s)
An Feirmeoir Gaodhalach,
Pen Name
An Feirmeoir Gaodhalach
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Feirmeoireacht Ní mar a chéile gach aon tsaghas leasuighthe atá ins an talamh agus ní mar a chéile leis gach oileamhaint d'oire- ann do gach luibh d'fhásann. Is minic go bhfaghtar amach go bhfuil leasughadh fá leith ins an talamh do theasduigh- eann ó bharra áirighthe, agus na dhiaidh sin agus eile ná fasfaidh sé acht cuibheasach. Ta furmhór an talaimh ná tugann toradh uaidh do réir an leasuighthe a bhídheann ann; cúis fé ndear de bhrigh ná bidheann an leasughadh ullmhuighthe mar is cóir. Acht is é toil Dé gur chuir sé obaireoirí ann - an t-aer agus an t-uisge - chum an obair so do dhéanamh; agus táid siad ghá dhéanamh gach uair sa ló os comhair ár súl; acht tá sean-fhocal air, gur maith le Dia cungnamh d'fhághail; agus dá bhrigh sin ní fuláir do gach feirmeoir a chuid féin do dhéanamh, 'sé sin cungnamh do thabhairt dóibh súd, má's meon leis barraí maithe bheith aige. Aontuighe Bhí glaodhach maith ar bhuaibh seasga ar aonach Náis. Tugadh sé púint go dtí seacht bpúint ar chollaidhibh bliadhna, ocht bpúint deich go deich nginí ar chollaidhibh dhá bhliadhan agus do díoladh na sean-fuidhigh agus na sion- seanfuidhigh ar dhá phúnt go dtí sé púint déag an ceann. Bhí cuid oireamhnach de chaorchaibh ann agus luach maith orra. Bhí a' lán ceannuightheoirí ag féachaint i ndiaidh na gcapall agus do bhí cuid mhaith díobh-so ann. Bhí an-luach orra, go mór mór ar chapaill feirmeoirí. Bhí aonach maith i bPortomna agus an t-uathbhás bheithidheach ann an mhí so ghabh tharainn. Do tugadh suas le sé agus dá fhichid an céad ar mhucaibh reamhra agus do bhí glaodhach anamamhail ar chapaill cóiste. Do díoladh iad ar ocht bpúint déag go dtí ocht bpúint fichead an ceann. Ní raibh mórán caorach ann mar do bhí dhá aonach mhóra ins an gContae céadna le déigheanaighe - agus i dThuaim agus i mBéal-átha-sluaigheadh. An Feirmeoir Gaodhalach
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services