Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Feirmeoireacht

Title
Feirmeoireacht
Author(s)
An Feirmeoir Gaodhalach,
Pen Name
An Feirmeoir Gaodhalach
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Feirmeoireacht



Ní mar a chéile gach aon tsaghas leasuighthe atá ins
an talamh agus ní mar a chéile leis gach oileamhaint d'oire-
ann do gach luibh d'fhásann. Is minic go bhfaghtar amach
go bhfuil leasughadh fá leith ins an talamh do theasduigh-
eann ó bharra áirighthe, agus na dhiaidh sin agus eile ná fasfaidh
sé acht cuibheasach. Ta furmhór an talaimh ná tugann
toradh uaidh do réir an leasuighthe a bhídheann ann;
cúis fé ndear de bhrigh ná bidheann an leasughadh
ullmhuighthe mar is cóir. Acht is é toil Dé gur chuir sé
obaireoirí ann - an t-aer agus an t-uisge - chum an obair
so do dhéanamh; agus táid siad ghá dhéanamh gach uair sa
ló os comhair ár súl; acht tá sean-fhocal air, gur maith
le Dia cungnamh d'fhághail; agus dá bhrigh sin ní fuláir do
gach feirmeoir a chuid féin do dhéanamh, 'sé sin cungnamh
do thabhairt dóibh súd, má's meon leis barraí maithe
bheith aige.



Aontuighe



Bhí glaodhach maith ar bhuaibh seasga ar aonach Náis.
Tugadh sé púint go dtí seacht bpúint ar chollaidhibh
bliadhna, ocht bpúint deich go deich nginí ar chollaidhibh
dhá bhliadhan agus do díoladh na sean-fuidhigh agus na sion-
seanfuidhigh ar dhá phúnt go dtí sé púint déag an ceann.
Bhí cuid oireamhnach de chaorchaibh ann agus luach maith orra.
Bhí a' lán ceannuightheoirí ag féachaint i ndiaidh na
gcapall agus do bhí cuid mhaith díobh-so ann. Bhí an-luach
orra, go mór mór ar chapaill feirmeoirí.



Bhí aonach maith i bPortomna agus an t-uathbhás bheithidheach
ann an mhí so ghabh tharainn. Do tugadh suas le sé agus
dá fhichid an céad ar mhucaibh reamhra agus do bhí glaodhach
anamamhail ar chapaill cóiste. Do díoladh iad ar ocht
bpúint déag go dtí ocht bpúint fichead an ceann. Ní
raibh mórán caorach ann mar do bhí dhá aonach mhóra
ins an gContae céadna le déigheanaighe - agus i dThuaim agus
i mBéal-átha-sluaigheadh.



An Feirmeoir Gaodhalach

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services