Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sláintí
Title
Sláintí
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sláintí Ní ró-fhada ó shoin ó bhí Dáithí O hIarfhlatha i nÉirinn ag caitheamh tamaill saoirseachta, rud do theastuigh go mór uaidh dar leis féin. Tá a fhios ag cuid mhaith do Ghaedhilgeoiríbh nach bhfuil teanga san Roinn Eórpa ná
fuil ar eólas ag Dáithí. Bhí triúr no ceathrar againn ag aithris sláintí aon uair amháin, agus dubhairt Dáithí go raibh sláinte i measg na mBreathnach d'oirfeadh do Ghaedhilgeoiríbh dá bhfuighthí a cur i nGaedhilg. Dubhra- mair-ne gur mhaith linn a clos uaidh. Seo 'n-ar ndiaidh í fé mar thug sé uaidh í, acht ná fuilimíd ró-chinnte i dtaobh an litrighthe, agus tá súil againn go maithfidh gach Breathnach dhúinn sain má's léir do earráid ann; mar níl an oiread de'n Bhreathnais againn fós is go mbéimís cinnte an bhfuil an litriughadh i gceart againn nó ná fuil: Seo mar d'aistrigh duine de'n chuideachtan an tsláinte thuas go Gaedhilg. Ní leigfeadh sé dhúinn a ainm do chur sios. Cuir sé an focal "Gaedheal" i n-ionad "Cymro" no "Breathnach." 27. "Sláinte mhaith gach Gaedhil Pé áird de'n tsaoghal 'na bhfuil sé; Acht má shéanann teanga a mham God d- the fellow." 28. "Seo sláinte mo chumannaigh, Fá thuairim sláinte gur cuma liom, An té ná beadh cumainn dam, Dar fiadh, ba chuma liom Cumann dob' fhuath liom, B'fhuath liom cuma liom." Fuaramar sain ó Dhiarmuid O Ríordáin de Chonnradh na Gaedhilge i gCorcaigh. Seo roinnt sláintí gearr, go bhfuilid féin nó sláintí mar iad coitcheannta go leór i ngach páirt de'n duthaidh go bhfuil an Ghaedhilg dá labhairt ann. Sláintí suilt is eadh urmhór aca. 29. "An rath agus an séan ort, oiread le céad fear ná beadh 'na éagmuis." 30. "Nár fheice Dia dealbh thu ná puinn agat." 31. "Seo sláinte ó chnaiste go falla, agus gan dear- mad na cúinní." Is é Domhnall O Murchadha ó Oileán Dairbhre i gCiarruidhe do thug na trí cinn thuas dúinn. 32. "Sláinte ó dhuine go duine; agus má tá duine sa bhalla labhradh sé." An Laoideach do thug sain dúinn. 33. "Go dtugaidh Dia feoil 'na beathaidh dhúinn, agus marbh gan díoghbháil." Ó Mhártan O Murchadha i gCarraig na bhFear gur thráchtamar cheana air, do fuaramar sain. 34. "Ólaimís sláinte na n-éan." 35. "Nár thachta a chnámha thú." agus i gcead do'n chuideachtain. 36. "Nár fheice tú go deó arís é." Anois a cháirde, is dóhe go bhfuil deireadh na foidhne caithte agaibh orainn, no muna bhfuil féin, níl leigheas air, mar níl a thuilleadh sláintí againne. B'fhéidir nach beag dhúinn an méid atá againn díobh. Is fada sinn dá lorg, agus is iomdha duine go ndearnamar a cheis- tiughadh féachaint an raibh sean-shláinte aige. Tá a fhios againn go maith go bhfuil sláintí ann nár fhéada- mar breith orra, agus tá súil againn ná déanfar dearmad orra acht go gcuirfear síos iad. Is Gaedhealach iad. I nGaedhilg is eadh ceapadh iad. Agus ní dual do Ghaedhealaibh a sean-dála féin do leigean i mbaoghal má churtar an baoghal i n-umhail dóibh. Brostuighidh oraibh a Ghaedheala! (A chríoch) Tadhg O Donnchadha 21/10/1900
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services