Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sláintí

Title
Sláintí
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sláintí



Ní ró-fhada ó shoin ó bhí Dáithí O hIarfhlatha i nÉirinn
ag caitheamh tamaill saoirseachta, rud do theastuigh go
mór uaidh dar leis féin. Tá a fhios ag cuid mhaith do
Ghaedhilgeoiríbh nach bhfuil teanga san Roinn Eórpa ná


L. 516


fuil ar eólas ag Dáithí. Bhí triúr no ceathrar againn
ag aithris sláintí aon uair amháin, agus dubhairt Dáithí go
raibh sláinte i measg na mBreathnach d'oirfeadh do
Ghaedhilgeoiríbh dá bhfuighthí a cur i nGaedhilg. Dubhra-
mair-ne gur mhaith linn a clos uaidh. Seo 'n-ar ndiaidh
í fé mar thug sé uaidh í, acht ná fuilimíd ró-chinnte i
dtaobh an litrighthe, agus tá súil againn go maithfidh gach
Breathnach dhúinn sain má's léir do earráid ann; mar
níl an oiread de'n Bhreathnais againn fós is go
mbéimís cinnte an bhfuil an litriughadh i gceart againn
nó ná fuil:




Seo mar d'aistrigh duine de'n chuideachtan an
tsláinte thuas go Gaedhilg. Ní leigfeadh sé dhúinn a
ainm do chur sios. Cuir sé an focal "Gaedheal" i
n-ionad "Cymro" no "Breathnach."



27. "Sláinte mhaith gach Gaedhil
Pé áird de'n tsaoghal 'na bhfuil sé;
Acht má shéanann teanga a mham
God d- the fellow."



28. "Seo sláinte mo chumannaigh,
Fá thuairim sláinte gur cuma liom,
An té ná beadh cumainn dam,
Dar fiadh, ba chuma liom
Cumann dob' fhuath liom,
B'fhuath liom cuma liom."



Fuaramar sain ó Dhiarmuid O Ríordáin de Chonnradh
na Gaedhilge i gCorcaigh.



Seo roinnt sláintí gearr, go bhfuilid féin nó sláintí
mar iad coitcheannta go leór i ngach páirt de'n duthaidh
go bhfuil an Ghaedhilg dá labhairt ann. Sláintí suilt is
eadh urmhór aca.



29. "An rath agus an séan ort, oiread le céad fear
ná beadh 'na éagmuis."



30. "Nár fheice Dia dealbh thu ná puinn agat."



31. "Seo sláinte ó chnaiste go falla, agus gan dear-
mad na cúinní."



Is é Domhnall O Murchadha ó Oileán Dairbhre
i gCiarruidhe do thug na trí cinn thuas dúinn.



32. "Sláinte ó dhuine go duine; agus má tá duine sa
bhalla labhradh sé."



An Laoideach do thug sain dúinn.



33. "Go dtugaidh Dia feoil 'na beathaidh dhúinn, agus
marbh gan díoghbháil."



Ó Mhártan O Murchadha i gCarraig na bhFear gur
thráchtamar cheana air, do fuaramar sain.



34. "Ólaimís sláinte na n-éan."



35. "Nár thachta a chnámha thú." agus i gcead do'n
chuideachtain.



36. "Nár fheice tú go deó arís é."



Anois a cháirde, is dóhe go bhfuil deireadh na foidhne
caithte agaibh orainn, no muna bhfuil féin, níl leigheas
air, mar níl a thuilleadh sláintí againne. B'fhéidir nach
beag dhúinn an méid atá againn díobh. Is fada sinn
dá lorg, agus is iomdha duine go ndearnamar a cheis-
tiughadh féachaint an raibh sean-shláinte aige. Tá a
fhios againn go maith go bhfuil sláintí ann nár fhéada-
mar breith orra, agus tá súil againn ná déanfar dearmad
orra acht go gcuirfear síos iad. Is Gaedhealach
iad. I nGaedhilg is eadh ceapadh iad. Agus ní dual
do Ghaedhealaibh a sean-dála féin do leigean i mbaoghal
má churtar an baoghal i n-umhail dóibh. Brostuighidh
oraibh a Ghaedheala!



(A chríoch)



Tadhg O Donnchadha
21/10/1900

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services