Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Ba mhór an fháilte do chuir muintir Nuadh Eabhraighe roimh an mBrianach tá seachtmhain ó shoin. Iarratóir ar Uachtarántacht Americá is eadh an fear so, agus samhluigh- thear go gcuirfidh sé an rith ar MhacFhionnlaoigh ins an mhí seo chugainn. Deirthear go raibh trí chéad míle duine annsúd ag feitheamh ar radharc d'fhághail ar an mBrianach, acht is deacair a leithéid sin do chreidea- mhaint mar ná'r chómhaireamh éinne 'na daoine agus is ró- annamh do thagann maithshluagh chómh mór sain i gceann a chéile. Bhíodar go líonmhar go háirighthe, agus is dócha go raibh mórán Éireannacha 'na measg. Cloisim go bhfuil na hÉireannaigh go léir agus na Gearmánaigh leis i gcoinnibh MhacFhionnlaoigh agus deir an sáirfhear sain Phádruig MacGiollanátha 'na pháipéar, an "tIrish World," go mbeidh an buaidh leis an mBrianach. Ní chuirfeadh an méid sin áthas croidhe ar Sheaghán Bhuidhe mar is mór leis MacFhionnlaoigh. Is gnáthach leó araon, bheith ag pógadh is a deochadh a chéile agus ag chómhchumann a chéile gurab í an tSagsan-treibh sgoth an domhain bhraonaigh. Tá cuid de na hÉireannaigh thall ar an inntinn gcéadna, iad so do thug cúl ar a dteangaidh, agus ar nósaibh a dtíre. Tá bodaigh ar gach cineadh, agus ní headh amháin gur b'olc an siut an bodach ann féin, acht loiteann agus lobhann sé inntinn agus anam na ndaoine thagann i ngar dó, fá mar lobhann aon ubhall bréan amháin lán ciseóige. Má oireann an báiread so do phlaosg aon Éireannaigh thall, is dóich, bíodh an báiréad aige agus fáilte. Má tá Éireannaigh mhaithe ins na Státaibh Aontuighthe, d'á fheabhas iad ní feárr iad na dream eile atá ins an Americá theas, sé sin i mBeunos Aeres. Ní raibh fhios 'gá lán go raibh Éireannaigh i naon chor annsúd, acht ní fhuil cineadh tar sáile chómh lághach, chómh Gaedhealach, leo súd. B'fhéidir go dtabharfainn cúntus cruinn ortha uair éigin; ar a ngrádh do'n tsean tír, ar a bhfearamhlacht agus a bhfialacht, ar fhear do stiúruigheann an páipéar an "Southern Cross," agus ar fhear eile tar fhearaibh, Pádruig mór Mac Mághnuis ó Dhún na nGall. Congbhuigheadar an teanga annsúd, cuid aca ar feadh trí glúine, agus ní túisge thógamuid ar gceann suas i nÉirinn ná go gclosamuid liúgh lúthgháireach uatha, agus geall congnaimh agus cabhartha. Siúd agus go bhfuil cineadh Scuit sgaipthe ar fud an domhain, ceanglóchaidh an t-aon chuing chráibhtheach amháin, an teanga, le chéile iad. Cloisim go bhfuiltear ar tí sgríbhinn fáilte i nGae- dhilg do thabhairt do'n Uachdarán Pól Crughér ar dteacht dó go Roinn na hEórpa. Tá súil agam go mbeidh duine éigin ann do léighfidh i gceart í sul a léighfear dó ins an Taal í, mar is beag air an Béarla Gallda agus an Galldachas. Tá siosmarnaigh amuich, acht ní fhuil puínn dóchais agam as, gur geárr go mbeidh an Fhrainc agus an Rúise ag cur isteach ar Sheaghan i dtaobh na mBórach. Deir páipéir Lúnduin é go háirighthe, acht leathsgéal is eadh é is dócha, i gcás go gcuirfidhe a thuilleadh saighdiúrí cum Roberts, agus táthar 'gá seóladh amach chuige chómh tiugh agus is féidir é. D'fhág chúig mhíle aca cuain Shasana ar feadh an choicthighis seo ghabh thart. Ní misde dhóibh é mar tá na Bóraigh ag gearradh bealaighe thríotha le ceann coicthighis. Ba bheag an mhaitheas do na Sasanachaibh an t-ullmhúghadh do ghnidheadar le haghaidh an fhir mhiorbhúiligh sin De Bhet do ghabháil tá seachtmhain ó shoin. Chualadar go raibh ionad coinne aige le Fourie ag Heilbron. Anois nó riamh beidh sé againn. Chuireadar urchall iarainn agus cruadha timcheall ar Heilbron, gunnaí móra, marcaigh, agus coisidhthe, 'na gcuar, trí fichid míle lasmuich. Dhruideadar 'na threo go mall, go faireach, acht bhris na gaisgidhigh amach ortha go hobann agus De Bhet ar a gceann; rómharadar bóthar fola thríotha agus ní fhuil ag Seaghan do bhárr a ghnótha acht fiacla briste. Bhí sluagh eile Sasanach ag gabháil do Dhelaré ar feadh trí lá agus deir siad gur chuireadar ag gcúl é, acht do b'éigean dóibh teicheadh ó Laoiseach Botha cois Charolina, agus ní gan beárna bheith ionnta, mar airighim gur síneadh fiche oifigeach agus is dócha an iomad fear. Mar sin féin táthar 'gá rádh linn go bhfuil an cogadh críochnuighthe le fada. Is dócha gur ag magadh le chéile táid na Boraigh agus Roberts. Má's eadh is garbh an rangcás é. Tá Buller ag teacht
abhaile. Bliadhan an taca so ba mhór le rádh é. Fear maith is eadh fós é. Cad do b'áil leis abhaile, ní fheadar? Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services