Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Ba mhór an fháilte do chuir muintir Nuadh Eabhraighe
roimh an mBrianach tá seachtmhain ó shoin. Iarratóir ar
Uachtarántacht Americá is eadh an fear so, agus samhluigh-
thear go gcuirfidh sé an rith ar MhacFhionnlaoigh ins an
mhí seo chugainn. Deirthear go raibh trí chéad míle
duine annsúd ag feitheamh ar radharc d'fhághail ar an
mBrianach, acht is deacair a leithéid sin do chreidea-
mhaint mar ná'r chómhaireamh éinne 'na daoine agus is ró-
annamh do thagann maithshluagh chómh mór sain i gceann
a chéile. Bhíodar go líonmhar go háirighthe, agus is dócha
go raibh mórán Éireannacha 'na measg. Cloisim go
bhfuil na hÉireannaigh go léir agus na Gearmánaigh leis
i gcoinnibh MhacFhionnlaoigh agus deir an sáirfhear sain
Phádruig MacGiollanátha 'na pháipéar, an "tIrish
World," go mbeidh an buaidh leis an mBrianach. Ní
chuirfeadh an méid sin áthas croidhe ar Sheaghán Bhuidhe
mar is mór leis MacFhionnlaoigh. Is gnáthach leó araon,
bheith ag pógadh is a deochadh a chéile agus ag chómhchumann a
chéile gurab í an tSagsan-treibh sgoth an domhain
bhraonaigh. Tá cuid de na hÉireannaigh thall ar an
inntinn gcéadna, iad so do thug cúl ar a dteangaidh, agus
ar nósaibh a dtíre. Tá bodaigh ar gach cineadh, agus ní
headh amháin gur b'olc an siut an bodach ann féin, acht
loiteann agus lobhann sé inntinn agus anam na ndaoine thagann
i ngar dó, fá mar lobhann aon ubhall bréan amháin lán
ciseóige. Má oireann an báiread so do phlaosg aon
Éireannaigh thall, is dóich, bíodh an báiréad aige agus fáilte.



Má tá Éireannaigh mhaithe ins na Státaibh Aontuighthe,
d'á fheabhas iad ní feárr iad na dream eile atá ins an
Americá theas, sé sin i mBeunos Aeres. Ní raibh fhios
'gá lán go raibh Éireannaigh i naon chor annsúd, acht ní
fhuil cineadh tar sáile chómh lághach, chómh Gaedhealach,
leo súd. B'fhéidir go dtabharfainn cúntus cruinn
ortha uair éigin; ar a ngrádh do'n tsean tír, ar a
bhfearamhlacht agus a bhfialacht, ar fhear do stiúruigheann
an páipéar an "Southern Cross," agus ar fhear eile tar
fhearaibh, Pádruig mór Mac Mághnuis ó Dhún na nGall.
Congbhuigheadar an teanga annsúd, cuid aca ar feadh trí
glúine, agus ní túisge thógamuid ar gceann suas i nÉirinn
ná go gclosamuid liúgh lúthgháireach uatha, agus geall
congnaimh agus cabhartha. Siúd agus go bhfuil cineadh Scuit
sgaipthe ar fud an domhain, ceanglóchaidh an t-aon
chuing chráibhtheach amháin, an teanga, le chéile iad.



Cloisim go bhfuiltear ar tí sgríbhinn fáilte i nGae-
dhilg do thabhairt do'n Uachdarán Pól Crughér ar
dteacht dó go Roinn na hEórpa. Tá súil agam go
mbeidh duine éigin ann do léighfidh i gceart í sul a
léighfear dó ins an Taal í, mar is beag air an
Béarla Gallda agus an Galldachas. Tá siosmarnaigh
amuich, acht ní fhuil puínn dóchais agam as, gur geárr
go mbeidh an Fhrainc agus an Rúise ag cur isteach ar
Sheaghan i dtaobh na mBórach. Deir páipéir Lúnduin
é go háirighthe, acht leathsgéal is eadh é is dócha,
i gcás go gcuirfidhe a thuilleadh saighdiúrí cum
Roberts, agus táthar 'gá seóladh amach chuige chómh tiugh
agus is féidir é. D'fhág chúig mhíle aca cuain Shasana
ar feadh an choicthighis seo ghabh thart. Ní misde
dhóibh é mar tá na Bóraigh ag gearradh bealaighe
thríotha le ceann coicthighis. Ba bheag an mhaitheas do
na Sasanachaibh an t-ullmhúghadh do ghnidheadar le
haghaidh an fhir mhiorbhúiligh sin De Bhet do ghabháil tá
seachtmhain ó shoin. Chualadar go raibh ionad coinne
aige le Fourie ag Heilbron. Anois nó riamh beidh sé
againn. Chuireadar urchall iarainn agus cruadha timcheall
ar Heilbron, gunnaí móra, marcaigh, agus coisidhthe, 'na
gcuar, trí fichid míle lasmuich. Dhruideadar 'na
threo go mall, go faireach, acht bhris na gaisgidhigh amach
ortha go hobann agus De Bhet ar a gceann; rómharadar
bóthar fola thríotha agus ní fhuil ag Seaghan do bhárr a
ghnótha acht fiacla briste. Bhí sluagh eile Sasanach ag
gabháil do Dhelaré ar feadh trí lá agus deir siad gur
chuireadar ag gcúl é, acht do b'éigean dóibh teicheadh ó
Laoiseach Botha cois Charolina, agus ní gan beárna bheith
ionnta, mar airighim gur síneadh fiche oifigeach agus is
dócha an iomad fear. Mar sin féin táthar 'gá rádh
linn go bhfuil an cogadh críochnuighthe le fada. Is dócha
gur ag magadh le chéile táid na Boraigh agus Roberts.
Má's eadh is garbh an rangcás é. Tá Buller ag teacht


L. 514


abhaile. Bliadhan an taca so ba mhór le rádh é. Fear
maith is eadh fós é. Cad do b'áil leis abhaile, ní
fheadar?



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services