Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear D'árduigheadh Roberts céim 'san Arm. Cad é sin domhsa, adéarfair, níor chás orm go mbiadh an draidire sin báidhte i bpoll móna. Seadh, bíodh leat. Tá daoine eile i nÉirinn gur mór leo an fear sain, agus táid siad ar tí dualgais do bhronnadh air. Tá sgata ban thuas i gCúige Uladh do bhaist ortha féin mar ainm "Mná na hÉireann," agus táid siadsan ag bailiughadh airgid go tiugh le haghaidh na duaise seo do Roberts. Má thagaid chum do thighe ná cuir an gadhar leo. Ní fhuil Roberts ró-shocair 'na aigne an aimsir seo. Is dócha gur deacair leis aon droch-sgéala do chur chúgainn mar tá fhios aige go bhfuilmíd go h-imnídheach ag toghadh na bhfeisirí anois, acht mar sin féin d'innis sé dhúinn go cineálta go raibh cathughadh air i ndiaidh na bhfear do shín na Bóraigh air ar feadh na seachtmhaine. Bhuail deichneabar marcach an bóthar amach cois Rusten- burg ag féachaint i ndiaidh na mBórach. D'úmhluigh na Boraigh dhóibh le gunnaí gearra, agus sgaoileadar an solus thríotha. Bhuail dream eile ar charbad gaile soir fa dhéin Chapmuiden. Strac na Bóraigh sin slat de'n bhóthar iarainn agus fuair an carbad gaile tuisleadh, agus, a gcreidfeá é, chrom na biothamhnaigh Bhórach sain ar philéir do stealladh ar ár saighdiúirí bochta. Tháinig dá fhichead Sasanach eile ar láthair agus níor éirigh leo sain acht chómh beag, acht bhí sé 'na gcumas sgéala chur ag iarraidh conganta. Do sheól Roberts trí fichid marcach chúca, acht deir sé go raibh na Boraigh ag fuireach leo sain leis agus gur thuit an chuid ba mhó aca. Deir páipéir Lúnduin go bhfuil sé ró-bhog leo. Tá cuid de na tighthibh gan losgadh fós, acht ní cóir do na páipéir aon mhilleán do thabhairt dó. Tá sé ag déanadh a lán-díchill. Bhítheas ag cómhrac le hAodh Ruadh De Bhet ar feadh trí lá thíos ins an Saor Stát. Sgaipeamar é, adeir Roberts. Támuid ag clos a leithéid sin de sgéala le fada acht ní fhuil an cogadh críochnuighthe mar sin féin. Níor chas leithéid an Bhóraigh le Seaghan ó cuireadh anál ann. Ceapaim go mb'fheárr leis go leigfeadh sé dhó. Tá Pól go meidhreach ag Lorenso Marcés, baile cuain i dtír na bPoirtigí ins an Aifric, agus tá sé ar tí cuaird do thabhairt ar Roinn na hEórpa. Tá cead saoire aige ós na Bóraigh ar feadh leath-bhliadhna. Beidh sé ar n-ais, adeir se, sul a mbeidh an seal sain caithte. Tá sé seacht mbliadhna déag is trí fichid d'aois, bhí a Lá Bliadhna i dtosach an mhí seo agus chuir na Boraigh féirín chuige, caipín breágh de shíoda dhaor. Chuir an sean- bhuachaill air é go béal-gháireach agus dubhairt go raibh sé go han-bhuidheach i dtaobh a gcómh-chumainn. Nách righin misneamhail an comhluadar na Bóraigh seo. Ní chuireann sé garra-bhuaic ortha go bhfuil fiche Sasanach i gcoinnibh gach fir aca chómh fada agus tá piléir aca, agus measaim gurab é easba na bpiléir is mó bheidh ortha feasda. Ní fhuil sé i gcumas aon Chumhacht an gnó so 'sa tSín do chur chum cinn. Deir Seaghan go bhfuil an Rúise ag déanadh uisge fá thalamh, agus tá an teist amuich ar Sheaghán féin go bhfuil sé go deaslámhach chum an ghnótha chéadna. Táthar 'gá rádh go bhfuil caidreamh idir an Rúise, an Fhrainnc, agus an Ghearmáin, agus tá Seaghan go mín 'na thaobh. Deir sé ná hoireann dó aon achrann do bheith idir é féin agus na Cumhachtaí seo. Ní fhuil fonn air aon cheann aca do ghortughadh. I dtosach an imris seo, suas le ráithe ó shoin, rug an Rúsach ar bhóthar iarainn atá annsúd do chúm Seaghan le hallus a chuirp. Cuimhnighim go maith ar an liúgh do chuir páipéir Lúnduin asda an uair úd. "Éistidh bhur mbéal, a ghasradh," ar Seaghan, "tabharfaidh an Rúsach creideamh- nach so an bóthar dom i gcionn tamaill." D'iarr sé an bóthar air ó shoin, acht níor leig an beithir air gur chualaidh sé é. Labhair sé arís leis, tá seachtmhain ó shoin. "An gcloiseann tú mé? Nach mithid duit mo bhóthar iarainn do thabhairt dom anois." D'fhosgail an beithir a shúla go mall, "nách breágh an uain í seo?" ar seisean go carthannach. Fan go mbeidh ár ndearbhráthair mór MacFhionnlaoigh 'na uachdarán ar Americá, i mí na Samhna so chúgainn. Geallaimse dhuit go labharfam leis an Rúisíneach mbodhar so. Deirfear dá mbiadh an Togha i nAmericá anois go gcuirfeadh an Brianach an rith ar Mhac Fhionnlaoigh, acht
deir an Brianach go bhfuil fir na sparán bhfada ag sgaipeadh an airgid go tiugh. Is iomdha duine go meallfadh breab é, acht mar sin féin tá fir gan cháim i nAmericá. Is aca féin is fhearrasa cia hé an fear is feárr dóibh. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services