Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



D'árduigheadh Roberts céim 'san Arm. Cad é sin
domhsa, adéarfair, níor chás orm go mbiadh an draidire
sin báidhte i bpoll móna. Seadh, bíodh leat. Tá
daoine eile i nÉirinn gur mór leo an fear sain, agus
táid siad ar tí dualgais do bhronnadh air. Tá sgata
ban thuas i gCúige Uladh do bhaist ortha féin mar ainm
"Mná na hÉireann," agus táid siadsan ag bailiughadh
airgid go tiugh le haghaidh na duaise seo do Roberts.
Má thagaid chum do thighe ná cuir an gadhar leo.



Ní fhuil Roberts ró-shocair 'na aigne an aimsir seo.
Is dócha gur deacair leis aon droch-sgéala do chur
chúgainn mar tá fhios aige go bhfuilmíd go h-imnídheach
ag toghadh na bhfeisirí anois, acht mar sin féin d'innis
sé dhúinn go cineálta go raibh cathughadh air i ndiaidh
na bhfear do shín na Bóraigh air ar feadh na seachtmhaine.
Bhuail deichneabar marcach an bóthar amach cois Rusten-
burg ag féachaint i ndiaidh na mBórach. D'úmhluigh
na Boraigh dhóibh le gunnaí gearra, agus sgaoileadar an
solus thríotha. Bhuail dream eile ar charbad gaile
soir fa dhéin Chapmuiden. Strac na Bóraigh sin slat
de'n bhóthar iarainn agus fuair an carbad gaile tuisleadh,
agus, a gcreidfeá é, chrom na biothamhnaigh Bhórach sain ar
philéir do stealladh ar ár saighdiúirí bochta. Tháinig
dá fhichead Sasanach eile ar láthair agus níor éirigh leo
sain acht chómh beag, acht bhí sé 'na gcumas sgéala chur
ag iarraidh conganta. Do sheól Roberts trí fichid
marcach chúca, acht deir sé go raibh na Boraigh ag
fuireach leo sain leis agus gur thuit an chuid ba mhó aca.
Deir páipéir Lúnduin go bhfuil sé ró-bhog leo. Tá
cuid de na tighthibh gan losgadh fós, acht ní cóir do na
páipéir aon mhilleán do thabhairt dó. Tá sé ag déanadh
a lán-díchill.



Bhítheas ag cómhrac le hAodh Ruadh De Bhet ar feadh
trí lá thíos ins an Saor Stát. Sgaipeamar é, adeir
Roberts. Támuid ag clos a leithéid sin de sgéala le
fada acht ní fhuil an cogadh críochnuighthe mar sin féin.
Níor chas leithéid an Bhóraigh le Seaghan ó cuireadh anál
ann. Ceapaim go mb'fheárr leis go leigfeadh sé dhó.
Tá Pól go meidhreach ag Lorenso Marcés, baile cuain
i dtír na bPoirtigí ins an Aifric, agus tá sé ar tí cuaird
do thabhairt ar Roinn na hEórpa. Tá cead saoire aige
ós na Bóraigh ar feadh leath-bhliadhna. Beidh sé ar
n-ais, adeir se, sul a mbeidh an seal sain caithte. Tá
sé seacht mbliadhna déag is trí fichid d'aois, bhí a Lá
Bliadhna i dtosach an mhí seo agus chuir na Boraigh féirín
chuige, caipín breágh de shíoda dhaor. Chuir an sean-
bhuachaill air é go béal-gháireach agus dubhairt go raibh sé
go han-bhuidheach i dtaobh a gcómh-chumainn. Nách righin
misneamhail an comhluadar na Bóraigh seo. Ní chuireann
sé garra-bhuaic ortha go bhfuil fiche Sasanach i gcoinnibh
gach fir aca chómh fada agus tá piléir aca, agus measaim
gurab é easba na bpiléir is mó bheidh ortha feasda.



Ní fhuil sé i gcumas aon Chumhacht an gnó so 'sa tSín
do chur chum cinn. Deir Seaghan go bhfuil an Rúise
ag déanadh uisge fá thalamh, agus tá an teist amuich ar
Sheaghán féin go bhfuil sé go deaslámhach chum an ghnótha
chéadna. Táthar 'gá rádh go bhfuil caidreamh idir an
Rúise, an Fhrainnc, agus an Ghearmáin, agus tá Seaghan go
mín 'na thaobh. Deir sé ná hoireann dó aon achrann
do bheith idir é féin agus na Cumhachtaí seo. Ní fhuil fonn
air aon cheann aca do ghortughadh. I dtosach an imris
seo, suas le ráithe ó shoin, rug an Rúsach ar bhóthar
iarainn atá annsúd do chúm Seaghan le hallus a
chuirp. Cuimhnighim go maith ar an liúgh do chuir páipéir
Lúnduin asda an uair úd. "Éistidh bhur mbéal, a
ghasradh," ar Seaghan, "tabharfaidh an Rúsach creideamh-
nach so an bóthar dom i gcionn tamaill." D'iarr sé
an bóthar air ó shoin, acht níor leig an beithir air gur
chualaidh sé é. Labhair sé arís leis, tá seachtmhain
ó shoin. "An gcloiseann tú mé? Nach mithid duit
mo bhóthar iarainn do thabhairt dom anois." D'fhosgail
an beithir a shúla go mall, "nách breágh an uain í
seo?" ar seisean go carthannach. Fan go mbeidh ár
ndearbhráthair mór MacFhionnlaoigh 'na uachdarán ar
Americá, i mí na Samhna so chúgainn. Geallaimse
dhuit go labharfam leis an Rúisíneach mbodhar so.
Deirfear dá mbiadh an Togha i nAmericá anois go
gcuirfeadh an Brianach an rith ar Mhac Fhionnlaoigh, acht


L. 498


deir an Brianach go bhfuil fir na sparán bhfada ag
sgaipeadh an airgid go tiugh. Is iomdha duine go
meallfadh breab é, acht mar sin féin tá fir gan cháim
i nAmericá. Is aca féin is fhearrasa cia hé an fear
is feárr dóibh.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services