Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Comhairle
Title
Comhairle
Author(s)
Pilib a' Chleite,
Pen Name
Pilib a' Chleite
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Comhairle A fhir an Claidhimh agus an Fháinne - Aithnighim ná fuil "Asgall Gall" ro-shásta mar nár chuireas ainm Gaedhealach ar an bhfocal úd Dodder. Sin é an rud chéadna do dhéanfainn dá mbeadh eólas agam air. Acht tóg an sgéal socair, a dhuine, agus bíodh foighde agat. Le cungnamh Dé beimíd go léir i n-ann an ainm cheart do chur ar gach aon rud sula fada. Ná beir leat gur sgríbhneoir mise i n-aon chor acht beir an méad so leat, gur fear me atá ag déanamh a dhíchill chum cabhrughadh le cúis na Gaedhilge. Anois is dóigh liom go bhfuil a lán ag léigheadh an Chlaidhimh agus ná fuil de chúram ortha acht ag faire, féachaint a bhfaighdís aon lúb ar lár i ndiaidh sgríbhneoir agus annsin 'nuair éirigheann lé sgathmhaire aca lóipín éigin do dhéanamh amach tagann raiste air agus sgríobhann sé a' tríall ort-sa faoi lán tseoil. Ní fheadar an ceann aca so "Asgall Gall" nó nách eadh agus tá rud eile ann is cuma liom, acht tá aon rud amháin cinnte go bhfuil an foghmhar ar leathadh againn agus ár dhá ndóithin le déanamh againn go léir seachas bheith ag díospóireacht mar gheall ar neamh-nidhthe. Mise le mór-mheas, Pilib a' Chleite
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services