Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Comhairle

Title
Comhairle
Author(s)
Pilib a' Chleite,
Pen Name
Pilib a' Chleite
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Comhairle



A fhir an Claidhimh agus an Fháinne -



Aithnighim ná fuil "Asgall Gall" ro-shásta mar
nár chuireas ainm Gaedhealach ar an bhfocal úd Dodder.
Sin é an rud chéadna do dhéanfainn dá mbeadh eólas
agam air. Acht tóg an sgéal socair, a dhuine, agus bíodh
foighde agat. Le cungnamh Dé beimíd go léir i n-ann
an ainm cheart do chur ar gach aon rud sula fada. Ná
beir leat gur sgríbhneoir mise i n-aon chor acht beir an
méad so leat, gur fear me atá ag déanamh a dhíchill
chum cabhrughadh le cúis na Gaedhilge. Anois is dóigh
liom go bhfuil a lán ag léigheadh an Chlaidhimh agus ná fuil
de chúram ortha acht ag faire, féachaint a bhfaighdís aon
lúb ar lár i ndiaidh sgríbhneoir agus annsin 'nuair éirigheann
lé sgathmhaire aca lóipín éigin do dhéanamh amach
tagann raiste air agus sgríobhann sé a' tríall ort-sa faoi
lán tseoil.



Ní fheadar an ceann aca so "Asgall Gall" nó nách
eadh agus tá rud eile ann is cuma liom, acht tá aon rud
amháin cinnte go bhfuil an foghmhar ar leathadh againn agus
ár dhá ndóithin le déanamh againn go léir seachas bheith
ag díospóireacht mar gheall ar neamh-nidhthe.



Mise le mór-mheas,



Pilib a' Chleite

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services