Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eanach Dúin
Title
Eanach Dúin
Author(s)
Fear gan baile,
Pen Name
Fear gan baile
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Eanach Dúin Seacht-Mhí 30, 1900 Chum Fir Eagair an Chlaidhimh Soluis. A dhuine Uasail, - Níor léigh me rud le tamall ba mhó thaithnigh liom ná litir Shéamais Uí Mhaoildhia ar Chlaidheamh an lae indé i dtaoibh cruinniughadh cleas lúith i n-Eanach Dúin. Do chaith mé cúpla bliadhain do m'óige i n-Eanach Dúin, breis agus tríochadh bliadhain ó shoin, agus ní raibh i gCúigibh Éireann áit ba Ghaodhealaighe ná an áit sin ins an aimsir a bhfuilim ag trácht. Táim im' dheoraidhe as Connachta anois, acht is iomdha uair do smuaineann mé ar Eanach Dúin agus ar a mhuintir. Ní raibh muintir ar bith eile i nÉirinn ba ghrádhamhla fíor-ghaedhealaighe ná an mhuintir sin; teanga Ghaedheal dá labhairt acu agus nósa Gaedheal dá gcleachtadh acu, sé sin le rádh, a gcuid éadaigh féin, idir lín-éadaigh agus olann-éadaigh, bheith lámh-dhéanta acu féin, a n-abhráin ghaedhealach féin, a ndamhsaí féin, agus a lán de sgéalaibh Éireannacha le h-innsint. Ba ghnáthach do gach gabháltuidhe cuid lín do chur gach bliadhain, agus ní'l bréag ann le rádh, gur mhó an spórt ná an chruaidh-obair a fuair na daoine ag á oibriughadh, óna thógáil amach as an bpoll go dtí a chur i lámhaibh ban tighe chum sníomha. Is i mbothán triucaill os cinn teineadh móire bhíodh an líon dá thiormughadh, agus nuair bhíodh an obair sin déanta, bhíodh an teine dhá cur i bhfeidhm ag an aos óg chum féasda agus caitheamh aimsire ag innsint sgéal. Bhíodh eagla ar chuid againn dhul abhaile faoi dhorchadas ina ndiaidh. Nuair thiocfadh an uair chum briseadh an lín, chruinn- igheadh buachaillí agus cailíní 'na comharsanachta agus bhíodh an gnó déanta acu i gcionn dul a chodladh dhóibh. Bhíodh mar sin leis an gcuid eile de'n obair i dtreó gleusadh an líon chum sníomh. Bhíodh ceól túirne lín mar phléisiúr fa leith ag bean a tighe nuair bhíodh sí ina h-aonar sa teach ó lá go lá. Ní thráchtfad ar samhar- ughadh an flainín, badh é sin an sult, má 's maith leat, agus an té a raibh cuid aige ann tá fhios aige air. Ins na laethibh úd bhíodh cuid mhaith de phíobairíbh agus de fidléiribh fánacha i gCondae na Gaillimhe agus bhíodh damhsaí ár ndóthain againn. Tá cuimhne mhaith agam ar fhear, agus ní ina fhear óg a bhí sé, agus ba dheacair do fhear, óg nó sean, buaidh bhreith uaidh anois, dá mbéadh sé ina aghaidh i gcomórtas feise. O a Dhia! nach é malairt an sgéil é anois! - caint Bheurla agus eudaigh lobhtha Sasanacha. A chailíní geala na hÉireann, an mbéidh sibh arís mar ba dhual díbh? Bhfuil sibh dul chum na hataí gránna agus na jackets gránda dubha agus eile a chaitheamh uaibh agus bheith in bhur gcailínibh deasa aríst? Deunaidh bhur n-eudaigh féin, mar rinne bhur máithreacha iad agus caithid iad mar an gceudna. Bíodh rud éigin le deunamh agaibh agus ag bhur n-athrachaibh agus dh'reathrachaibh ins na hoidhchibh fada geimhridh a cur meisnigh agus áthuis ina gcroidhibh, agus gan bheith ag gearán mar gheall ar an aimsir chruaidh atá aca anois ann. Sin iad na "cottage industries" atá uatha, agus gan iad ní bhéidh sonas ar an tír. Buaidh agus beannacht agus saoghal slán fada agat, a Mhic Uí Maoildhia! tá cuimhne agam ar Mhaoildhiacha acht ní ar Dhruim Dreifín do mhair siad acht ar an Eanach Dúin féin i bhfogus do bhaile Ath-chloigín. Ba hé seo Eanach Dúin nua, mar bhí sean Eanach Dúin ann leis. Bhí páirc mhór ann timcheall leath mhíle thoir ó Ath'-chloigín, dar bh'ainm "The Hundred acres" - mar sin féin bhí breis agus míle acra innti. Bhí teach Mhichil Uí Anlaoi (go ndeunaidh Dia trócaire ar a anam, mar ní féidir a bheith beó fós) ar chúinne na páirce taobh thuaidh an bhóthair. Budh mhaith an pháirc sin chum tionóil, agus bhí damhsa agus spórt eile agam féin uirri go minic. Bíodh foidhne agad a fhir eagair dhíl, táim críoch-
nuighthe, acht a rádh go bhfuil súil agam go gcuirfir meisneach ar Sheumas chum litir eile chur chugat agus tuilleadh innsint dúinn i dtaoibh Eanach Dúin. Le meas, Mise, Fear gan baile
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services