Eanach Dúin
Seacht-Mhí 30, 1900
Chum Fir Eagair an Chlaidhimh Soluis.
A dhuine Uasail, - Níor léigh me rud le tamall ba
mhó thaithnigh liom ná litir Shéamais Uí Mhaoildhia ar
Chlaidheamh an lae indé i dtaoibh cruinniughadh cleas
lúith i n-Eanach Dúin.
Do chaith mé cúpla bliadhain do m'óige i n-Eanach
Dúin, breis agus tríochadh bliadhain ó shoin, agus ní raibh
i gCúigibh Éireann áit ba Ghaodhealaighe ná an áit sin
ins an aimsir a bhfuilim ag trácht. Táim im' dheoraidhe
as Connachta anois, acht is iomdha uair do smuaineann
mé ar Eanach Dúin agus ar a mhuintir. Ní raibh muintir
ar bith eile i nÉirinn ba ghrádhamhla fíor-ghaedhealaighe
ná an mhuintir sin; teanga Ghaedheal dá labhairt acu
agus nósa Gaedheal dá gcleachtadh acu, sé sin le rádh, a
gcuid éadaigh féin, idir lín-éadaigh agus olann-éadaigh,
bheith lámh-dhéanta acu féin, a n-abhráin ghaedhealach féin,
a ndamhsaí féin, agus a lán de sgéalaibh Éireannacha le
h-innsint.
Ba ghnáthach do gach gabháltuidhe cuid lín do chur gach
bliadhain, agus ní'l bréag ann le rádh, gur mhó an spórt
ná an chruaidh-obair a fuair na daoine ag á oibriughadh,
óna thógáil amach as an bpoll go dtí a chur i lámhaibh
ban tighe chum sníomha. Is i mbothán triucaill os cinn
teineadh móire bhíodh an líon dá thiormughadh, agus nuair
bhíodh an obair sin déanta, bhíodh an teine dhá cur
i bhfeidhm ag an aos óg chum féasda agus caitheamh aimsire
ag innsint sgéal. Bhíodh eagla ar chuid againn dhul
abhaile faoi dhorchadas ina ndiaidh.
Nuair thiocfadh an uair chum briseadh an lín, chruinn-
igheadh buachaillí agus cailíní 'na comharsanachta agus bhíodh an
gnó déanta acu i gcionn dul a chodladh dhóibh. Bhíodh
mar sin leis an gcuid eile de'n obair i dtreó gleusadh
an líon chum sníomh. Bhíodh ceól túirne lín mar
phléisiúr fa leith ag bean a tighe nuair bhíodh sí ina
h-aonar sa teach ó lá go lá. Ní thráchtfad ar samhar-
ughadh an flainín, badh é sin an sult, má 's maith leat,
agus an té a raibh cuid aige ann tá fhios aige air. Ins
na laethibh úd bhíodh cuid mhaith de phíobairíbh agus de
fidléiribh fánacha i gCondae na Gaillimhe agus bhíodh damhsaí
ár ndóthain againn. Tá cuimhne mhaith agam ar fhear,
agus ní ina fhear óg a bhí sé, agus ba dheacair do fhear, óg nó
sean, buaidh bhreith uaidh anois, dá mbéadh sé ina aghaidh
i gcomórtas feise. O a Dhia! nach é malairt an sgéil
é anois! - caint Bheurla agus eudaigh lobhtha Sasanacha.
A chailíní geala na hÉireann, an mbéidh sibh arís mar
ba dhual díbh? Bhfuil sibh dul chum na hataí gránna agus
na jackets gránda dubha agus eile a chaitheamh uaibh agus bheith
in bhur gcailínibh deasa aríst? Deunaidh bhur n-eudaigh
féin, mar rinne bhur máithreacha iad agus caithid iad mar
an gceudna. Bíodh rud éigin le deunamh agaibh agus ag
bhur n-athrachaibh agus dh'reathrachaibh ins na hoidhchibh fada
geimhridh a cur meisnigh agus áthuis ina gcroidhibh, agus gan
bheith ag gearán mar gheall ar an aimsir chruaidh atá
aca anois ann. Sin iad na "cottage industries" atá
uatha, agus gan iad ní bhéidh sonas ar an tír.
Buaidh agus beannacht agus saoghal slán fada agat, a Mhic
Uí Maoildhia! tá cuimhne agam ar Mhaoildhiacha acht ní
ar Dhruim Dreifín do mhair siad acht ar an Eanach Dúin
féin i bhfogus do bhaile Ath-chloigín. Ba hé seo Eanach
Dúin nua, mar bhí sean Eanach Dúin ann leis. Bhí
páirc mhór ann timcheall leath mhíle thoir ó Ath'-chloigín,
dar bh'ainm "The Hundred acres" - mar sin féin bhí
breis agus míle acra innti. Bhí teach Mhichil Uí Anlaoi
(go ndeunaidh Dia trócaire ar a anam, mar ní féidir
a bheith beó fós) ar chúinne na páirce taobh thuaidh an
bhóthair. Budh mhaith an pháirc sin chum tionóil, agus bhí
damhsa agus spórt eile agam féin uirri go minic.
Bíodh foidhne agad a fhir eagair dhíl, táim críoch-