Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire
Title
Éire
Author(s)
Pilib a' Chleite,
Pen Name
Pilib a' Chleite
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Tá an Togha Coitcheann nách mór réidh linn agus is beag an díoghbháil é. Tá masmuis ar dhaoine ó phoiliticeacht agus muna mbeidh ár n-aos óg innmheamhail ar achmhusán agus salachair do chaitheamh sa tsúil ar a chéile fós ní ar ár bhféisirí is cóir an milleán do bheith. Ní'l aon amhras nách bhfuil sompla maith fagháltha aca anois le tamall ag éisdeachd le díospóireacht náireach neamh-thairbheach idir na fir is múinte agus is léigheannta dá bhfuil le fagháil i nÉirinn. Tá an oiread Béarla bréan bréagach sgaipighthe ar fud na h-Éireann anois le trí seacht- mhaine agus do shéidfeadh long fá lán tseoil go h-America agus cad tá dá bharr go léir? Más mar seo do cheapann siad saoirseacht a bhaint amach dúinn is baoghlach go mbeidh breall orainn go fóill. Deirtear ná fuil na Tories ag dul ar aghaidh chómh maith i n-aon chor is do shaoileadar ar dtús. Tá muintir Shasana ag teacht chúca féin ag mór le déidheanaighe. Tuigeann a lán aca cás an sgéil níos feárr anois ná mar a thuigeadar é cupla mí ó shoin. Dul i bhfion-fhuaracht a bheidh siad agus b'fhéidir go leanfadh cathughadh cruaidh ar an lúthgháire go léir. Cloisimíd go bhfuil seilbh seasganta tógtha ag Tadhg Ua hÉalluighthe i bhFéis Shasana arís. Cuireadh an ruagadh ar a dhearbhráthair Muiris i gCorcaigh agus chuaidh Uilliam Ua Bhriain isteach na ionad. Do shleamhnuigh Tory isteach i gCathair na Gaillimhe. Tá mórán áitean- na ná raibh aon chomhraic aca an turas so agus ní feárr a bheith óir tá na daoine corrtha cráidhte uatha. Dream mallaighthe casaoideach i seadh iad ná fuil aon mháighistir ortha anois le fada agus tá a rian ortha, is mó a ngráin ar a chéile ná a ngrádh dá dtír. "Ní bhíonn an rath acht mar a mbíonn an smacht." Pilib a' Chleite
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services