Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éire

Title
Éire
Author(s)
Pilib a' Chleite,
Pen Name
Pilib a' Chleite
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éire



Tá an Togha Coitcheann nách mór réidh linn agus is beag
an díoghbháil é. Tá masmuis ar dhaoine ó phoiliticeacht
agus muna mbeidh ár n-aos óg innmheamhail ar achmhusán agus
salachair do chaitheamh sa tsúil ar a chéile fós ní ar ár
bhféisirí is cóir an milleán do bheith. Ní'l aon amhras
nách bhfuil sompla maith fagháltha aca anois le tamall
ag éisdeachd le díospóireacht náireach neamh-thairbheach
idir na fir is múinte agus is léigheannta dá bhfuil le
fagháil i nÉirinn. Tá an oiread Béarla bréan bréagach
sgaipighthe ar fud na h-Éireann anois le trí seacht-
mhaine agus do shéidfeadh long fá lán tseoil go h-America
agus cad tá dá bharr go léir? Más mar seo do cheapann
siad saoirseacht a bhaint amach dúinn is baoghlach go
mbeidh breall orainn go fóill. Deirtear ná fuil na
Tories ag dul ar aghaidh chómh maith i n-aon chor is do
shaoileadar ar dtús. Tá muintir Shasana ag teacht
chúca féin ag mór le déidheanaighe. Tuigeann a lán
aca cás an sgéil níos feárr anois ná mar a thuigeadar
é cupla mí ó shoin. Dul i bhfion-fhuaracht a bheidh siad
agus b'fhéidir go leanfadh cathughadh cruaidh ar an lúthgháire
go léir.



Cloisimíd go bhfuil seilbh seasganta tógtha ag Tadhg
Ua hÉalluighthe i bhFéis Shasana arís. Cuireadh an
ruagadh ar a dhearbhráthair Muiris i gCorcaigh agus chuaidh
Uilliam Ua Bhriain isteach na ionad. Do shleamhnuigh
Tory isteach i gCathair na Gaillimhe. Tá mórán áitean-
na ná raibh aon chomhraic aca an turas so agus ní feárr
a bheith óir tá na daoine corrtha cráidhte uatha. Dream
mallaighthe casaoideach i seadh iad ná fuil aon mháighistir
ortha anois le fada agus tá a rian ortha, is mó a ngráin
ar a chéile ná a ngrádh dá dtír.



"Ní bhíonn an rath acht mar a mbíonn an smacht."



Pilib a' Chleite

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services