Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Is minic do choncamar Seaghán Saor ar Aonach, trucailín aige agus balcaisí éaduigh innte, bríste gearra agus brístí fada, casóga earbaill agus casóga gan sgioth; "hí-hó, féachaidh ar an margadh so agamsa, casóg bhreágh dhathaighthe d'oirfeadh de ghuailnibh fhir bheathuighthe, ní fhuil uirthe acht trí réalacha; agus ar an mbríste dhathamhail seo acht dhá thuisdiún go leith, ní fhuil a leithéidí ó Dhoire go Cláir na Sionna. Sin é díreach mar atáid mórán fear i Sasana an aimsir seo, mar tá an Togha ar siubhal ann. Tá na hiarrathóirí agus a gcongantóirí ar chlára abhus agus tall ann 'na Seagháin Saora, ag moladh a n-earraidhe agus a dtréithe féin, agus ag cáineadh gach duine atá 'na gcoinnibh. Do gheallfaduis bróga bainne reamhair do gach duine do thabharfadh guthuigheacht dóibh lá an tóghtha, agus má cómhlíonfaid leath a ngeallta beidh saoghal suairc ann ar ball. Acht is beag an cuimhneamh atá ag na feisirí seo ar a ngeallta do chómhlíonadh. Tá an khaki ag dalladh súl na ndaoine fós, agus 'gá mbréanadh, agus má dhíolaid as go daor ar ball, is dóich chonach sain ortha. Is é an nídh is measa go gcaithfidh Éire a chuid do dhíol as súd leis, mar tá Seaghán 'na iarlais ceangailte dhi. Is dóich le furmhór na Sasanach go bhfuil siad chómh láidir agus do bhíodar bliadhain ó shoin, sul ar chuir Pól crúcha ionta, agus is maith an rud muinighin do bheith ag duine as féin. Ní fhuil Cumhachtaí na hEórpa ar an mbaramhail sin anois. Léigheas cómhrádh do bhí ag Lamsdorf le duine an lá fá dheireadh i dtaobh cúrsaidhe na Síne. Is é an Lamsdorf so príomh-rúnaire na Rúise indiu. Áirighim gur fear ciallmhar, measardha é, agus dubhairt sé ná cuirid suim i Sasana i n-aon chor anois. Tá an Trásína, bean an Ímpire Rúsach, báidheamhail le Sasana, ar seisean agus ar son na mná uaisle sin leigi- míd orainn go bhfuil saghas measa againn ar an dtír sin. Má's fíor an cómhrádh úd beidh droch-obair ins an tSín ar ball. Nuair do shroich saighdiúirí na gCumhachtaí Pecin, príomh-chathair na Síneach, agus d'fhuasgladar na teachtairí tíre agus na gcomhluadar do bhí i ngéibheann annsúd, chuir na Rúisínigh fútha ins an áit do b'fhearr 'sa chathair, agus gidh go rabhadar go réidh agus go macánta leis na saigh- diúiríbh eile, ba dhóich leat gur leó féin an chathair úd, mar dubhradar, "déin é seo," agus "déin é siúd" agus rinne saighdiúirí na gCumhachtaí eile rud ortha. Bhíodar go síothchánta le chéile agus chuir an Rúsach i n-úmhail dóibh gurab é féin an ceann. Do chaith Seaghán bocht leigean air go raibh sé go sásta, acht bhí casadh 'na ghoile le buile. D'éis tamaill mhaith dubhairt an Rúsach leó gur mhithid dó féin agus dóibhsean bheith ag filleadh ar n-ais go dtí an baile cuain Tientsin. Thug na Cumhachtaí geit, mheasadar áiteamh air fanamhaint go dtugadh na Sínigh sásamh dóibh, acht níor bh'éan-mhaitheas dóibh bheith leis. Do ghread sé leis, agus lean na Francaigh, na hAmericánaigh agus na Seapánaigh é. Thug Seaghán na mionna móra ná fágfadh sé féin an chathair úd go fóil. Is cuma liomsa, fear séimh is eadh mé, fan mar a bhfuil tu, má's maith leath é, adeir an Rúsach, agus tá Seaghán bocht ar mearbhall féachaint cad is cóir dó do dhéanamh. Is dóich leis na Sínigh anois gurab é an Rúsach an chara is feárr aca, acht tá an bitheamhnach ag breith greama ar Mhansúria, trian mór de'n tSín thuaidh. Is beag an iongnadh go bhfuil faitchíos ar Sheaghán roimis. Is mínáireach an buanna an beithir seo. Tá sé ag imirt a chluithche gan suim do chur i gcaint daoine eile. Tá na mór-shluaite aige. Is cuma le fear na mbróg cá gcuireann sé a chos. Is gnóthach atá Murchadh an Toiteáin ar feadh na seachtmhaine seo ghabh thart, acht níor éirigh leis go maith. Chuir na Bóraigh srón fola air cúig nó sé uairibh ó shoin. Do ghnídheadar a ngnó go han dheas annsúd ar teór- ainn na Natála. Ní raibh coinne ag na Sasanaigh leo, mar dar leo ní raibh Bórach i ngiorracht céad míle dhóibh. Bhris an cith ortha féin agus ar thrucailí lóin do bhí aca 'gá dtionnlacan, mar d'éirigh Criostaidhe Bota, dearbhráthair Laoisigh, go hobann ar an mbóthar rómpa. Do mhill sé gan mhoill iad agus do thóg leis an lón. Ní raibh ann dínn acht céad marcach, adeir Seaghán. Tá go breágh a tháillúir ó chaillis de shnáthad. Bhíodar
timcheall ar an laoch De Bhet ins an Saor-Stát, acht ceapaim gur dhíoladar as. Chonnac 'sa pháipéar go rabhadar ag iarraidh na mBórach do mhealladh le hór. Tabhair De Bhet chugam agus gheóbhair féirin, leigfeadh orm gur thugais chúgam i naisge é, mar go raibh sé ró- cheanndána, agus go rabhais féin tuirseach de'n chogadh. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services