Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Is minic do choncamar Seaghán Saor ar Aonach,
trucailín aige agus balcaisí éaduigh innte, bríste gearra
agus brístí fada, casóga earbaill agus casóga gan sgioth;
"hí-hó, féachaidh ar an margadh so agamsa, casóg
bhreágh dhathaighthe d'oirfeadh de ghuailnibh fhir bheathuighthe,
ní fhuil uirthe acht trí réalacha; agus ar an mbríste
dhathamhail seo acht dhá thuisdiún go leith, ní fhuil a
leithéidí ó Dhoire go Cláir na Sionna. Sin é díreach
mar atáid mórán fear i Sasana an aimsir seo, mar
tá an Togha ar siubhal ann. Tá na hiarrathóirí agus a
gcongantóirí ar chlára abhus agus tall ann 'na Seagháin
Saora, ag moladh a n-earraidhe agus a dtréithe féin, agus ag
cáineadh gach duine atá 'na gcoinnibh. Do gheallfaduis
bróga bainne reamhair do gach duine do thabharfadh
guthuigheacht dóibh lá an tóghtha, agus má cómhlíonfaid leath
a ngeallta beidh saoghal suairc ann ar ball. Acht is
beag an cuimhneamh atá ag na feisirí seo ar a ngeallta
do chómhlíonadh. Tá an khaki ag dalladh súl na
ndaoine fós, agus 'gá mbréanadh, agus má dhíolaid as go daor
ar ball, is dóich chonach sain ortha. Is é an nídh is measa
go gcaithfidh Éire a chuid do dhíol as súd leis, mar tá
Seaghán 'na iarlais ceangailte dhi.



Is dóich le furmhór na Sasanach go bhfuil siad chómh
láidir agus do bhíodar bliadhain ó shoin, sul ar chuir Pól
crúcha ionta, agus is maith an rud muinighin do bheith ag
duine as féin. Ní fhuil Cumhachtaí na hEórpa ar an
mbaramhail sin anois. Léigheas cómhrádh do bhí ag
Lamsdorf le duine an lá fá dheireadh i dtaobh cúrsaidhe
na Síne. Is é an Lamsdorf so príomh-rúnaire na
Rúise indiu. Áirighim gur fear ciallmhar, measardha é,
agus dubhairt sé ná cuirid suim i Sasana i n-aon chor anois.
Tá an Trásína, bean an Ímpire Rúsach, báidheamhail le
Sasana, ar seisean agus ar son na mná uaisle sin leigi-
míd orainn go bhfuil saghas measa againn ar an dtír
sin. Má's fíor an cómhrádh úd beidh droch-obair ins an
tSín ar ball.



Nuair do shroich saighdiúirí na gCumhachtaí Pecin,
príomh-chathair na Síneach, agus d'fhuasgladar na teachtairí
tíre agus na gcomhluadar do bhí i ngéibheann annsúd, chuir
na Rúisínigh fútha ins an áit do b'fhearr 'sa chathair, agus
gidh go rabhadar go réidh agus go macánta leis na saigh-
diúiríbh eile, ba dhóich leat gur leó féin an chathair úd,
mar dubhradar, "déin é seo," agus "déin é siúd" agus rinne
saighdiúirí na gCumhachtaí eile rud ortha. Bhíodar go
síothchánta le chéile agus chuir an Rúsach i n-úmhail dóibh
gurab é féin an ceann. Do chaith Seaghán bocht leigean
air go raibh sé go sásta, acht bhí casadh 'na ghoile le
buile. D'éis tamaill mhaith dubhairt an Rúsach leó gur
mhithid dó féin agus dóibhsean bheith ag filleadh ar n-ais go
dtí an baile cuain Tientsin. Thug na Cumhachtaí geit,
mheasadar áiteamh air fanamhaint go dtugadh na
Sínigh sásamh dóibh, acht níor bh'éan-mhaitheas dóibh bheith
leis. Do ghread sé leis, agus lean na Francaigh, na
hAmericánaigh agus na Seapánaigh é. Thug Seaghán na
mionna móra ná fágfadh sé féin an chathair úd go
fóil. Is cuma liomsa, fear séimh is eadh mé, fan mar
a bhfuil tu, má's maith leath é, adeir an Rúsach, agus
tá Seaghán bocht ar mearbhall féachaint cad is cóir dó
do dhéanamh. Is dóich leis na Sínigh anois gurab é an
Rúsach an chara is feárr aca, acht tá an bitheamhnach ag
breith greama ar Mhansúria, trian mór de'n tSín thuaidh.
Is beag an iongnadh go bhfuil faitchíos ar Sheaghán
roimis. Is mínáireach an buanna an beithir seo. Tá
sé ag imirt a chluithche gan suim do chur i gcaint daoine
eile. Tá na mór-shluaite aige. Is cuma le fear na
mbróg cá gcuireann sé a chos.



Is gnóthach atá Murchadh an Toiteáin ar feadh na
seachtmhaine seo ghabh thart, acht níor éirigh leis go maith.
Chuir na Bóraigh srón fola air cúig nó sé uairibh ó shoin.
Do ghnídheadar a ngnó go han dheas annsúd ar teór-
ainn na Natála. Ní raibh coinne ag na Sasanaigh leo,
mar dar leo ní raibh Bórach i ngiorracht céad míle
dhóibh. Bhris an cith ortha féin agus ar thrucailí lóin do bhí
aca 'gá dtionnlacan, mar d'éirigh Criostaidhe Bota,
dearbhráthair Laoisigh, go hobann ar an mbóthar rómpa.
Do mhill sé gan mhoill iad agus do thóg leis an lón. Ní
raibh ann dínn acht céad marcach, adeir Seaghán. Tá
go breágh a tháillúir ó chaillis de shnáthad. Bhíodar


L. 482


timcheall ar an laoch De Bhet ins an Saor-Stát, acht
ceapaim gur dhíoladar as. Chonnac 'sa pháipéar go
rabhadar ag iarraidh na mBórach do mhealladh le hór.
Tabhair De Bhet chugam agus gheóbhair féirin, leigfeadh orm
gur thugais chúgam i naisge é, mar go raibh sé ró-
cheanndána, agus go rabhais féin tuirseach de'n chogadh.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services