Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Óid d'Fheis na Gaillimhe, 1900
Title
Óid d'Fheis na Gaillimhe, 1900
Author(s)
Ó Mhaoildhia, Seamas,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
ÓID D'FHEIS NA GAILLIMHE, 1900 I. A cháirde mo chléibh, is fíor é an sgeul Go bhfuilimíd go léir in ar ndúiseacht, Ag seasamh go fíor, taobh shoir 's taobh shiar, Le teanga na bhFiann 'nois do mhúsgailt. Gidh fada an neull, gan chlú nó gan réim Bhí uirri, mo leun! Le fad-theurma 'Nois tógfaidhmíd é, le cabhair Aoin Mhic Dé, 'S cuirfidhmíd seun ar na Gaedhealaibh. II. Is fada fá chrádh, gan toradh gan bhláth Ar dreagn dheas, bhreágh do bhí seunmhar Ba dhubh a's ba mhór a trom-shuan 'sa ceo Gan éirim no treó in a geugaibh. Acht o fhad' é an tráth do bhí sí ar lár, Níor cailleadh go bráth í, a cháirde, 'S béidh sí 'gainn fós mar bhí sí fad' ó Gan chaim nó gan stróic, acht go bláthmhar. III. Is fada an neull bhí ar Chlannaibh Gaedheal Ag seasamh go tréith 'gus ag éisteacht Do bhídheamar 'nár luighe, gan neart nó gan bhrigh San sgeul so mar bhí 'gainn in Éirinn. Bhí'r dteanga, bhreágh mhór ag imtheacht go deo Fá smúid 's fá chlóich ó na daoinibh 'S an Beurla mo chrádh! ag leathnughadh gach lá Ag fearaibh 's mnáibh fud na tíre. IV. Acht buidheachas go bráth, le Righ geal na ngrás Tá spiorad ag fás ins na ndaoinibh Tá fir agus mná ag obair go breágh. Gidh fada an tráth bhíodar claoidhte. Tá Easboig, san chléir ag obair go treun Leis an sgrios a's an leun sin do chlaonadh 'S má fhághann siad lámh san am so atá Béidh mais agus bláth ar an nGaedhilg. V. Tá "Connachtaigh cruaidh" ná músgailt ón suan Ag obair go buan 's go treunmhar 'S árdó' míd glór go bríoghmhar 's go beo 'S beidhmíd fá bhród fós in Éirinn! O cailleadh an Gaodhal-Ard-Easbog Mac Heil Chuir rath agus seun ar an nGaedhilg Bhí "Connacht an tslóigh" fa lionndubh 's brón, 'S a dteanga bhreágh, chóir ag a tréigeann. VI. Acht fáilte 'gus ceud nár sean-teangaidh féin, Anois roimh gach aon tá sa láthair, Tá spiorad 'na gcroidhe nach múchfar a choidhch' Nach lagfaidh an ghaoth nó an bháisdeach Má bhíodhmar nár luidhe gan anam gan croidhe, Atá maoid nár suidhe - 'nois go haerach 'S beidh Geadhilg 's gach áit ó Shligeach go Clár 'S gan meas ann le fagháil ar an mBeurla. VII. Ó cuirfidhmíd freumh anocht anns an gcré A fhásfas le seun suas i náirde, 'S sgapfaidh an ghrian an doineann 's an tsíon, 'S sgarfaidh an síol uaidh go bláthmhar. Beidh an chathair seo fós "Cathair na dTreibh" mór Gan mhí-ádh gan bhrón acht go súgach, Go Gaodhalach 's go fíor le teangaidh na bhFiann, Mar 'nois "tá'n Iar in a dúiseacht." Seumas Ó Mhaoildhia
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services